7 Agus tangadar go daingion láidir Tíor, agus go caiṫreaċaiḃ na Hiḃiteaċ eile, agus na Gcananíteaċ: agus do ċúadar amáċ don taóiḃ ó ḋeas do Iúdáh, go Beerséba.
Oir a duḃairt an ríġ ré Ióab caiptín a ṡlóiġ, noċ do ḃí na ḟoċair, Eiriġ anois ar feaḋ ṫreaḃ Israel, ó Ḋan go Beerséba, agus coṁáir an pobal, ċor go mbía fios uiḃre an ṗobail agumsa.
Agus ċum an Ċananítiġ ṡoir agus ṡíar, agus ċum an Namorítiġ, agus ċum an Hititiġ, agus ċum an Ṗerisitiġ, agus ċum an Iebusítiġ annsna sléiḃtiḃ, agus ċum an Hiḃitiġ faói Hermon a ttír Mispeh.
Agus ann sin filliḋ an cósta go Ramah, agus gus a gcaṫruiġ láidir Tíre; agus filliḋ an cósta go Hósah; agus ataíd a dula amaċ sin ag an ḃfairge ón ccosta go Haċsib:
Agus tárla, a nuáir do ċúaladar na ríġṫe uile do ḃí don taóiḃsi do Iordan, air na sleḃtíḃ, agus air na gleantuiḃ, agus ar imliḃ na fairge móire uile ṫall as coinne Lebanon, na Hititiġ, agus na Hamoritiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perissítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ;
Mar atá, cúig tiġearna na Ḃfilistíneaċ, agus na Canaanítiġ uile, agus na Sidónianuiġ, agus na Hiḃitiġ do áitriḃ a slíaḃ Lebanon, ó ṡlíaḃ Baalhermon go nuige dul a steaċ go Hámat.