Anois do ḃí ro ṁórán áirnéise ag cloinn Reuben agus ag cloinn Ġad: agus a nuáír do ċonncadar fearann Iaser, agus fearann Gilead, féuċ, go raiḃ a náit na háit áirnéisi;
Agus do ṫoirḃir an TIĠEARNA a láiṁ Israel íad, noċ do ḃuáil íad, agus do ṁaḋmuiġ orra go Sídon ṁóir, agus go Misrepot‐maim, agus go gleann Mispeh ṡoir; agus do ḃuáileadar íad, no gur ḟágḃadar gan áon béo ḋíoḃ.
Agus do ċuáiḋ cósta ċloinne Dan amaċ ró ġann dóiḃ: uime sin do ċuádur clann Dan súas do ṫroid a naġaiḋ Lesem, agus do ġaḃadar í, agus do ḃúailiodar í lé fáoḃar an ċloiḋiṁ, agus do ṡealḃuiġeadar í, agus do áitreaḃadar innte, agus do ġoireadar do Lesem, Dan, do reír anma a naṫar Dan.