Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 24:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus a duḃairt Ióab ris an ríġ, Anois go ccuiriġ do ṪIĠEARNA Díase a gceann an ṗobail, (giḋ bé ḋá ṁéid dá ḃfuilid), a ċéud oirid, agus go ḃfaiciḋ súile mo ṫiġearna an ríġ é, aċ cred as a ḃfuil dúil ag mo ṫíġearna an ríġ annsa ní so?

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 24:3
7 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus foillsiġeam sinn féin ar ḃfearuiḃ ar son ar bpobail, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is maiṫ ann a raḋarc féin.


Giḋeaḋ rug bríaṫra an ríġ buáiḋ a naġaiḋ Ióab, agus a naġaiḋ ċaiptíniġ an tslóiġ. Agus do ċuáiḋ Ióab agus caiptíniġ an tslóiġ amaċ ó laṫair an ríġ, dáireaṁ ṗobail Israel.


Méideoċa an TIĠEARNA siḃ ni sa ṁó agus ni sa ṁó siḃ féin agus ḃur cclann.


A niomad na ndaóine atá onóir an ríġ: aċt a neasḃuiḋ daóine atá milleaḋ an ṗrionnsa.


Annsin do ċífe tú, agus líonfuiḋear ṫú, agus eagloċuid do ċroiḋe, agus fairseongṫar é; do ḃríġ go ḃfilifiġear ċugadsa iomadaṁlaċd na fairge, go ttiucfaiḋ neart na ngeinteaḋ ċugad.


Go ndéarna an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ siḃsi míle uáir coṁiomadaṁuil is táṫáoi, agus go mbeannuiġiḋ sé siḃ, mar do ġeall sé ḋáoiḃ!


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ