20 Agus dféuċ Araunah, agus do ċonnairc sé an ríġ agus a ṁuinntir ag teaċd go nuige é: agus do ċuáiḋ Araunah amaċ, agus do ċrom é féin ar a aġaiḋ ar an ttaluṁ a laṫair an ríġ.
Agus do ṫóg a ṡúile suas, agus daṁarc sé, agus féuċ, tríurfear na seasaṁ laiṁ ris, agus a nuáir do ċonnairc sé íad do riṫ na gcoinne ó ḋorus na puible, agus do ċláon é féin go talaṁ.
Tárla a deirím an treas la, féuċ, go ttáinic duine ón ċampa ó Ṡaul agus a éadaċ brisde, agus cré ar a ċeann: agus is aṁluiḋ ḃí, a nuáir ṫáinic sé ċum Dáiḃi, gur ṫuit sé ċum talṁan, agus go ndéarna sé uṁlaċd.
Agus a duḃairt Araunah, Cred fá ttáinic mo tiġearna an riġ ċum a ṡerḃísiġ? Agus a duḃairt Dáiḃi, Do ċeannaċ urláir an ḃuáilte uaitsi, do ṫógḃáil altóra don TIĠEARNA, lé gcoisgfiḋ an ṗláiġ do na dáoiniḃ.
Ann sin do ṫuit sisi air a haġaiḋ agus do uṁluiġ sí í féin gus an ttalaṁ, agus a duḃairt ris, Cred fá ḃfuáir misi grása ann do raḋarc, as a mbéarṫá aiṫne orum, agus mé am ċoiṁiṫeaċ?