Agus do ċuir an TIĠEARNA Nátan ċum Dáiḃi. Agus ṫáinic sé ċuige, agus a dúḃairt ris, Do ḃádar dias fear a néanċaṫruiġ; fear aca saiḋḃir, agus an fear oile boċd.
Anois gníoṁa Ḋáiḃi ríġ, ó ṫús go deireaḋ, féaċ, a táid scríoḃṫa a leaḃar Ṡamuel an feuċadóir, agus a leaḃar Nátan an fáiġ, agus a leaḃar Ġad an feuċadóir,
Agus do ċuir sé na Leḃítiġ a ttiġ an TIĠEARNA maille re cimbaluiḃ, le saltraċaiḃ, agus lé cláirseaċaiḃ, do reír aiṫne Ḋáiḃi, agus Ġad féuċadóir an ríġ, agus Nátain an faíġ: óir is marsin do ḃí aiṫne an TIĠEARNA tre ná ḟáiġiḃ.
¶ Agus a duḃairt an fáiġ Gad re Dáiḃi, Ná fan annsa dáingion úd; imṫiġ as so, agus éiriġ go tír Iudah. Ann sin do imṫiġ Dáiḃi, agus do ċuáiḋ go foraóis Haret.
(Annsa tseanaimsir a Nísrael, a núair do ṫíaġ duine dfaġáil scéul ó Ḋía, is marso a deirioḋ sé, Tárr uáit, agus deanum go nuige an ḟéaċadóir: óir an té dá ngoirṫear fáiġ anois is féaċadóir do ġorṫaoi ḋe san tseanaimsir.)