Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 24:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 ¶ Agus do ġoin croiḋe Ḋáiḃi é féin tar éis na ndaoineaḋ áireaṁ ḋó. Agus a duḃairt Dáiḃi ris an TTIĠEARNA, Do ṗeacaiḋ mé go mór annsa ní do rinne me; agus a nios, guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, glan do ṡearḃḟoġantuiġ óna éigceart; óir do rinne mé go ro leaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 24:10
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Dáiḃi re Nátan, Do ṗeacaiḋ mé a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Do ċuir an TIĠEARNA mar an gcéadna do ṗeacaḋsa ar gcúl; ní ḃfuiġe tú bás.


Agus do laḃair Daiḃi ris an TTIĠEARNA a nuáir do ċonnairc sé an taingeal do ḃuáil na daóine, agus a duḃairt, Feuċ, is misi do ṗeacaiḋ, agus do rinne droiċ ní, aċ na caóiriġsi, cred do rinneadar? bíoḃ do láṁ am aġaiḋsi, guiḋim ṫú, agus a naġaiḋ ṫiġe maṫar.


¶ A núair ḋruídfiḋṫear neaṁ, agus naċ biáiḋ fearṫuinn ar biṫ ann, do ċionn gur ṗeacuiġeadar ad aġaiḋsi; má níd siad guiḋe ann sa náitsi, agus hainmsi dadṁáil, agus iompóġ ó na bpeacaḋ, a núair smaiċdeoċus tú íad:


¶ Agus do ṁioṫaitin an níse re Día; uime sin do ḃúail sé Israel.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Día, Do ṗeacaiḋ mé go mór, do ḃríġ go ndéarna mé an ní so: aċt a nois, guiḋim ṫú, cuir éacceart do ṡearḃḟoġantuiġ ar ccúl; óir do rinne mé so go ro ṁíċéilliġ.


Oír riṫid súile an TTIĠEARNA ċuige agus úaḋ ar feaḋ an doṁuin úile, dá ḟoillsiuġaḋ feín láidir do ṫaoḃ na druinge a mbía a ccroiḋe iomlán da ṫaoḃ. Annso do rinne tusa go leaṁ: uimesin ó so amaċ biaiḋ cogaḋ ort.


Ṫaris sin duṁluiġ Heseciah é féin ar son úaḃair a ċroiḋe, (é féin aráon agus muinntir Ierusalem,) iondus naċ dtáinic dioġaltas Dé orra re linn Heseciah.


Agus cred fá naċ maiṫeann tú mo ṗeacaḋ, agus méaicceart do ċur ar ccúl? óir coideoluiḋ mé a nois annsa luáiṫreaḋ; agus íarrfa tusa mé ar maidin, aċt ní ḃía mé.


Dadṁaiḋ me mo ṗeacaḋ ḋuitse, agus níor ḟoluiġ mé mo ċionta. A duḃairt mé, Aideoṁad maindliġṫe don TIĠEARNA; agus do ṁaiṫ tú urċóid mo ṗeacaiḋ. Selah.


Ann sin do ġoir Ṗárao ar Ṁaóise agus ar Aáron go deiṫfreaċ; agus do ráiḋ, Do ṗeacaiḋ mé a naġáiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus ḃur naġuiḋsi.


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


Glac ċugad bríaṫra, agus fill ċum an TIĠEARNA: abair ris, Beir uáinn a nuile éicceart, agus gaḃ ċugad go grásaṁuil sinn: marsin do ḃéaram uáinn laóiġ ar bpuisíneaḋ.


¶ Uimesin fós anois, a deir an TIĠEARNA, Filliḋsi ċugamsa maille re ḃur nuile ċroiḋe, agus le trosgaḋ, agus lé gul, agus lé dóḃrón:


Agus a duḃairt Aáron ré Maóise, Uċ a ṫiġearna, iarruim daṫċuinge ort, ná léig an peacaḋ oruinne, ánn a ndearnamar go leaṁ, agus ar ṗeacuiġeamar.


Goid, sainnt, aingíḋeaċd, mealltóireaċd, míonáire, droċṡúil, blaisṗéime, úaḃar, amadanaċd:


An lá na ḋíaiġ sin do ċunnairc Eóin Iósa ag teaċd ċuige féin, agus a duḃairt sé, Féuċ Uan Dé, ṫógḃas peacaḋ an doṁain.


Aċd mar do ċúalardarsan na neiṫesi, agus a gcogús dá nagra, do imṫiġeadar amaċ a ndiaiġ a ċéile, ag tosuġaḋ ó na sinnsioraiḃ gus na dáoiniḃ déiġeanaċa: agus do fágaḋ Iósa na áonar, agus an ḃean na seasaṁ a lar.


O a ḋaóine leaṁa agus eigcríonna, an marso ċúitiġiḋ ris an TTIĠEARNA? naċ é haṫair é do ċeannuiġ ṫú? naċ ndeárna sé, agus naċ ar ḋaingniḋ sé ṫú?


Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.


Dá nadṁam ar bpeacuiḋ, atá seision fírinneaċ agus ceart re ar bpeacuiġ do ṁaiṫeaṁ ḋúinn, agus ré ar nglanaḋ ó anuile neaṁḟiréuntaċd.


Agus a duḃairt Samuel re Saul, Do rinne tú so go leaṁ: agus níor ċoiṁéad tú aiṫne do ṪIĠEARNA Dé, noċ do aiṫin sé ḋíot: óir anois do ḋaingneoċaḋ an TIĠEARNA do rioġaċd air Israel go bráṫ.


Agus tárla na ḋiáiġ sin gur ḃuáil cogús Ḋáiḃi é, do ḃríġ gur ġearr sé sciorta Ṡauil.


Agus a duḃairt sé re na ḋaóiniḃ, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém ṁaiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA, mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ na aġaiḋ, o sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.


¶ Ann sin a duḃairt Saul, Do ṗeacaiḋ mé; fill, a ṁic a Ḋáiḃí: óir ní ḋéansa doċar ḋuit ní ḃus mó, do ċionn go raiḃ manum mórluaiġ ad raḋarc a niuġ; féuċ, do rinné mé amadánaċd, agus do ċúaiḋ me ar seaċrán go hiomarcaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ