Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.
¶ Agus ṫusa, a ṁic an duine ná bíoḋ eagla ort rompa, agus ná bíoḋ eagla a mbríaṫar ort, matá go mbéid dreasa agus dosáin maille riot, agus go naíteoċa tú a measc naiṫreaċ niṁe: ná bíoḋ eagla ort ré na mbríaṫraiḃ, agus ná bi anḃuáineaċ fá na naiġṫiḃ, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.
Do ċúadar daóine áiriġ, clann ḃélial, amaċ as ḃur measg, agus do ṫairngeadar léo luċd áitriḃ a ccaiṫreaċ, ġá ráḋ, Gluaisiom agus déanum seirḃís do ḋeéiḃ eile, naċ ar ḃaiṫnid daóiḃ;
Anois ar a naḋḃar sin bióḋ a ḟios agad agus meas cred ḋéanas tú; óir do cínneaḋ olc a naġaiḋ ar maiġistir, agus a naġaiḋ a ṫiġe uile: óir sé a leiṫeíd sin do ṁac do Ḃélial é, naċ ḃféadann duine laḃaírt ris.