Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 23:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Má atá naċ ḃfuil mo ṫiġ marsin ag Día; giḋeaḋ do rinne sé ceangal síorruiḋe riomsa, órduiġṫe ann gaċ uile ní, agus daingion: óir sé so mo ṡlánuġaḋsa uile, agus mfonn uile, mátá naċ dtiuḃra seision air fás.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 23:5
41 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus bíaiḋ an boġa annsa néull; agus féuċfa misi air, ionnus go cuiṁneoċa mé an cunnraḋ bioṫḃúan eidir Día agus gaċ uile ċréatúir béo do nuile ḟeóil dá ḃfuil ar an ttalaṁ.


Anois ar a naḋḃarsin ní ḋeíleoċuiḋ an cloiḋeaṁ re do ṫiġ ċoiḋċe; do ċionn mar do ṫarcuisniġ tú misi, agus go ttug tú bean Uriah an Hititiġ dá beiṫ na mnáoi ḋuit féin.


Aċt ċeana ni éisdeaḋ seision re na glór: aċd, ar mbeíṫ nios láidre ná isi, déigniġ sé í, agus do luiḋ aice.


¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.


Ann sin a duḃairt Ióab, Ní ḟéuduimsi fuireaċ marso agad. Agus rug sé ar ṫrí gaéṫe iona láiṁ, agus do ṡaiṫ sé tré ċroiḋe Absolon íad, an fad do ḃí sé fós béo a lár na daruiġ.


¶ Agus a nuáir ċríoċnoċar do láeṫesi, agus ċoidéolus tú a ḃfoċair haiṫreaḋ, cuirfe misi do ṡlioċd súas ad ḋiaiġ, noċ ṫiocfas amaċ as tínniġiḃ, agus daingneoċuiḋ mé a rioġaċd.


¶ Agus ann sin do ċuáiḋ Dáiḃi ríġ a steaċ, agus do ṡuiġ a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA, agus duḃairt sé, Cía misi, a ṪIĠEARNA Día? agus cred é mo ṫiġ, as a ttug tusa mé go nuige so?


¶ Ann sin do árduiġ Adoniiaṫ mac Haggit é féin, ġa ráḋ, Biáiḋ misi am ríġ: agus do ġleús sé carbuid agus marcṡluáġ ḋó féin, agus cáogad fear do rioṫ roiṁe.


Agus is aṁluiḋ ḃías, má éisteann tú ré gaċ uile ni dá naiṫeonuiḋ misi ḋiot, agus go siuḃoluiḋ tú ann mo ṡliġṫiḃ, agus go ndeanair an ní ḃíus ceart ann mo raḋarc, do ċoiṁéad mo reaċda agus maiṫeanta, mar do rinne Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ; go mbiáiḋ misi leatsa, agus go ndéana mé tiġ daingion duit, mar do rinne mé do Ḋáiḃi, agus do ḃéara mé Israel ḋuit.


Agus do laḃair riú do reír ċoṁairle na ndaóine óga, ḋa raḋ, Dó rinne maṫair ḃur ccuing trom, agus cuirfiḋ misi a ccionn ḃur ccuinge: do smaċduiġ maṫair siḃ mar an gcéadna le sciúrsaḋuiḃ, áċt smaiċdeoċuiḋ misi siḃ le sciúrsaḋuiḃ cailgeaṁla.


Do ċuir sé fuasglaḋ ċum a ḋaóine: daiṫin sé go síorruiḋe a ċonnraḋ: is náoṁṫa agus onóraċ a ainm.


Atá manam ag meirtniuġaḋ ċum do ṡlánuiġṫe: do ḃí mo ḋóṫċus ann do ḃréiṫir.


Aóinní aṁáin daṫċuingiḋ mé air an TTIĠEARNA, ag sin a ní íarrfad; mo ċoṁnuiġe a ttiġ an TIĠEARNA air feáḋ láeṫe mo ṡáoġail, dféuċuin air scéiṁ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ go moċ iona ṫeampall.


Isé fós mo ċarruic agus mo ṡlánuġaḋ; mo ḋídean; ní ċorroċṫar mé go mór.


Do rinneas connraḋ rem ḋaóiniḃ toġṫa, ṫugas mionna dom ṡeirḃíseaċ Dáiḃi,


Agus tiucfa slat amáċ as bun Iesse; agus fasfuiḋ Beangán as a ḟréiṁ:


Do ḃéara sé air an ndroing ṫiucfas ó Iácob fréuṁ do ġlacaḋ: fásniḋ bláṫ agus gineaṁuin Israel, agus líonfuiḋ aġaiḋ na talṁan le toraḋ.


¶ Annsa ló sin bíaiḋ beangan an TIĠEARNA sgíaṁaċ agus glórṁar, agus biaiḋ toraḋ na talṁan oirḋeirc agus cuḃaiḋ den ṁéid raċus as do Israel.


Oír imeoċuid na sléiḃte, áṫroċar na cnoic; aċt ní imeoċuiḋ mo ċínealsa uáitsi, ní mo áṫroċṫar cunnraḋ mo ṡíoṫċána, a deir an TIĠEARNA do rinne trócaire ort.


Cláonuiḋ ḃur cclúas, agus tigiḋ ċugamsa: clúiniḋ, agus mairfiḋ ḃur nanam, agus do ḋéana misi ccunnraḋ síorruiḋe riḃ, eaḋon grása daingne Ḋáiḃi.


Oír misi an TIĠEARNA gráḋuiġim breiṫeaṁnus, is fúaṫ líom sladṁóireaċd mar ofrail loisge; agus séolfa mé a nobair a ḃfírinne, agus do ḋéana mé cunnraḋ súṫain ríu.


Uimesin do ḃéara an Tiġearna féin coṁarṫa ḋíḃ; Féuċaiḋ, toirrċeoṫar maiġdion, agus béaraiḋ sí mac, agus goirfiḋ Immanuel dainm ḋe.


Agus do ḋéana mé cunnraḋ síoṫḃúan ríu, naċ iompoċa mé úaṫa, do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋóiḃ; aċt cuirfe mé meagla iona ccroiḋṫiḃ, naċ deileoċnid síad riom.


Annsin fós féadṫar mo ċunnraḋ ré Dáiḃi mo ṡeirḃíseaċ do ḃriseaḋ, naċ bíaṫ mac aige do ríoġaḋ iona ċaṫaóir; agus ris na Leḃítiḃ na sagairt, mo ṡeirḃísiġ.


Tuilleaṁ oile do ḋéana mé cunnraḋ síoṫċána ríu; biáiḋ sé na ċunnraḋ ṡíorruiḋe aca: agus áiteoċa mé íad, agus foirlíonfa mé íad, agus suiġeoċa mé mo ṡanctóir iona lár go bráṫ.


¶ Annsa ló sin tóigfe mé súas tabernacuil Ḋáiḃi do ṫuit, agus druidfiḋ mé súas a ḃeárnaḋa; agus cóireaċa mé ar ṫuit de, agus cuirfe mé súas é mar annsna laéṫiḃ a nallód:


Agus do ḃríġ gur ṫóg sé súas é ó ṁarḃaiḃ, agus naċ ḃfillfiḋ air ais ċum trúaiḋliġṫe, a duḃairt sé mar so, Do ḃéura mé ḋíḃ neiṫe náoṁṫa diongṁalta Ḋáiḃí.


Agus Día na síoṫċana, tug air ais ó ṁarḃuiḃ an Tíġearna Iósa, árdáoḋaire na gcáoraċ, tré ḟuil an ċonnarṫa ṡíorruiḋe,


Noċ atá aguinn mar ancaire, daingean diongṁálta a nanma, agus ṫéid a steaċ go soiṫe a ní atá don táoiḃ a stiġ don ḃrat;


Agus tóigfe mé súas daṁ féin sagart lán dfirinne, noċ ḋéanas do réir mar atá ann mo ċroiḋe, agus ann minntinn: agus tóigfe mé tiġ daingion dó; agus siuḃoluiḋ sé roiṁe mo ungṫaċ go bráṫ.


Guiḋim ṫú, maíṫ cionta do ḃanóglaiċ: óir do ḋéana an TIĠEARNA go deiṁin tiġ daingean dom ṫiġearna; dó ċionn go ttróidionn mo ṫiġearna caṫa an TIĠEARNA, agus naċ fríṫ olc ionnad ar feaḋ do ṡáoġail.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ