4 Agus biáiḋ sé mar ṡolus na maidne, an nuair éirġios an ġrían, eaḋon ar maidin gan néull; mar an ḃféur min ag fás as an ttalaṁ le deálra glan a ndiáiġ fearṫanna.
Oir is marsin a duḃairt an TIĠEARNA riomsa, Glacfa mé mo ṡuáiṁneas, agus measfa mé ann máit ċoṁnuiġe aṁuil teas glan ar luiḃionnuiḃ, agus aṁuil néul drúċda a tteas a nfoġṁair.
Annsin aiṫeonam, ma ṫéiġmid air ar naġaiḋ daiṫniuġaḋ an TIĠEARNA: atá a ḋul amaċ ullaṁ mar an ṁaidin: agus tiucfa sé ċugainn mar a nfearṫuinn, mar a nfearṫuinn deiġionuiġ agus ṫosuiġ ċum na talṁan.
Agus biáiḋ íarsma Iácob a measc ṁóráin daóine aṁuil drúċt ón TTIĠEARNA, aṁuil ceaṫa air an ḃféur, naċ ḃfanann re duine, agus naċ ḃfeiṫionn air ṁacaiḃ na ndaóine.
¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.
Marsin a ṪIĠEARNA go gcláoiḋtear do naiṁde uile: aċ bíoḋ an ṁeid ler ḃionṁuin é mar an ngreín a núair éirġios súas iona neart. Agus do ḃí súaiṁnios agan taluṁ ceaṫraċad blíaḋan.