Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 23:34 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

34 Eliṗelet mac Ahasbai, mac an Ṁaahatiteaċ, Eliam mac Aċitoṗel an Giloniteaċ,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 23:34
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ḃréanadar a laṫair Ḋáiḃi, do ċuireadar clann Ammon teaċda úaḋa agus do ġlacadar air ṫuarusdal Sírianuiġ Ḃet‐rehob, agus Sírianuiġ Ṡóba fiṫċe míle coisiġ, agus ó ríġ Maacah míle fear, agus ó Istob ḋá ṁile ḋéug fear.


Agus tangadar clann Ammon amaċ, agus do ċuireadar an caṫ a nórduġaḋ a ndul a steaċ an ġeata: agus do ḃádar Sirianuiġ Ṡoba, agus Rehob, agus Iṡtob, agus Ṁaacah, leó féin sa maċaire.


Agus do ċuir Dáiḃi fios, agus dfíasruiġ a ndiáiġ na mná. Agus a duḃairt neaċ áiriġ, Naċ í so Batséba, inġean Elam, bean Uriah an Hititeaċ?


Agus do ċuir Absolom fios ar Aċitoṗel an Giloníteaċ, coṁairleaċ Ḋáiḃi, óna ċaṫrúiġ féin, ó Ġiloh, ann feaḋ do ḃí ag déanaṁ ioḋbarṫa. Agus do ḃí an ċealg láidir; óir do ḃí an pobal ag méaduiġaḋ a ccoṁnuiġ ag Absolon.


¶ Agus dinnis duine do Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Atá Aċitoṗel a measg na ndróiċṫionnsgantaċ a ḃfoċair Absolon. Agus a duḃairt Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA, guiḋim ṫú, iompóiġ coṁairle Aċitoṗel a namadánaċd.


¶ Agus a núair do ċonnairc Aċitoṗel nar leanaḋ a ċoṁairle, do ċuir sé díalláoid ar a assal, agus déiriġ, agus do ċuaiḋ a ḃaile ḋa ṫiġ, da ċaṫruiġ, agus do ċuir a ṫiġ a norduġaḋ, agus do ċroċ sé é féin, agus fuáir bás, agus do haḋlaiceaḋ é a núaiġ a aṫar.


¶ Agus do ċuáiḋ sé tré ṫreaḃuiḃ Israel uile go Habel, agus go Betmaaċah, agus na Beritiġ uile: agus dó ċruinniġeadar a ccionn a céile, agus do leanadar eision,


Do ġlac Iair ṁac Manasseh tír Argob uile go himliḃ Gesúri agus Maaċati; agus do ġoir ḋíoḃ do réir a anma féin, Basan‐Haḃotiair, agus a ninġ.


Ann sin do ḟreagair Dáiḃi agus a duḃairt sé re Haċimeleċ an Hitíteaċ, agus re Habisai ṁac Seruíah, dearḃraṫair Ióab, ḋá ráḋ, Cía raċus liom síos don ċampa go Saul? agus a duḃairt Abisai, Raċa misi leaċd síos.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ