Go maḋ beannuiġ do ṪIĠEARNA Día, fuáir dúil ionnad, dot ṡuiġiuġaḋ a ccaṫaóir ríoġa Israel: do ḃríġ gur ġráḋuiġ an TIĠEARNA Israel go bráṫ, as uime sin do rinne sé ríġ ḋiotsa, do ḋéanaṁ breiṫeaṁnuis agus ceirt.
¶ Os a ċionn sinn ó nam fár hórduiġeaḋ misi do ḃeiṫ am úaċtarán a ḃfearann Iúdah, ón ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋain go nuige an dara blíaḋuin déug ar ḟiṫċid do Artacsercses an ríġ, ḋá ḃlíaḋuin déag, níor iṫ mé féin nó mo ḋearḃráiṫre arán a núaċdaráin.
Os a ċionn so; gléasfa tú as an bpobál uile dáoine acfuinneaċa, drong ar a mbí eagla Dé; dáoiné fírinneaċa, ḟuaṫuiġeas saint; agus cuir ós a ccionn íad, uaċdarain mileaḋ, uaċdarain céad, uaċdarain cáogad, agus uaċdaráin deiṫneaṁuir:
Agus a duḃairt Día ós a ċionn so ré Maóisi, Déura tú re clannuiḃ Israel: An TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iácob, do ċúir misi ċuguiḃ: sé so mainm go bráṫ, agus sé so mo ċuiṁneaċán do nuile ġeinealaċ.
¶ Féuċ, tiucfaid na láeṫe, a deir an TIĠEARNA, iona ttoigfe mé do Ḋáiḃi Beangán fíréunta, agus ríġfiḋ Ríġ, agus béara sé buáiḋ, agus do ḋéana sé breiṫeaṁnus agus ceart annsa talaṁ.
¶ Urġaírdiġ go mór, a inġean Ṡion: gáir, a inġean Ierusalem: féuċ, atá do Ríġ ag teaċt a tḟoċair: atá sé ceart, agus slánuġaḋ aige; go huirisiol, ag marcuiġeaċd air assal, agus air ḃromaċ searraċ assail.