18 Agus do ḃí Abisai, mac Seruiah dearḃraṫair Ióab, na ċeann ar ṫriúr. Agus do ṫóg sé a ġaṫ súas a naġaiḋ ṫrí gcéad, agus do ṁarḃ se íad, agus fuáir sé ainm a measc triúir.
Agus a núair do ċonncadar clann Ammon gur ṫeiṫeadar na Sírianuiġ, ansin do ṫeiṫeadarsan mar an gcéadna roiṁe Abisai, agus do ċúadar a steaċ san ċaṫruiġ. Mar sin dfill Ióab ó ċloinn Ammon, agus ṫáinic sé go Hierusalem.
Agus do ċuir Dáiḃi amaċ trían na ndáoine fáoi laíṁ Ióab, agus trían faoi láiṁ Abisai mac Seruiah, dearḃráṫair Ióab, agus trían fáoi láiṁ Ittai an Gitíteaċ. Agus a duḃairt an ríġ ris an bpobal, Raċa misi fós liḃ amaċ go deiṁin.
Aċt ní ṫug Amasa aire don ċloiḋeaṁ do ḃí a láiṁ Ióab: mar sin do ḃuáil sé é don ċloiḋeaṁ an sa ccuigeáḋ ásna, agus do leíg sé a inniġe amaċ fán ttalaṁ, agus níor ḃuail sé a rís é; agus fúair sé bás. Marsin do lean Ioab agus Abisai a ḋearḃraṫair a a ndiáiġ Ṡéba ṁic Biċri.