1 Anois a síad so bríaṫra deiġionaċa Ḋáiḃi. Duḃairt Dáiḃi ṁac Iessé, agus a duḃairt, an té do tógḃaḋ súas go hárd, ungṫaċ Dé Iácob, agus sailmċéolaċ binn Israel:
Agus do ġoir Iacob ar a ṁacaiḃ, agus a duḃairt, Cruinniġiḋ siḃ féin a ḃfoċair a ċéile, nó go ninneosa mé ḋáoiḃ cread ṫeigeaṁus daóiḃ sna láeṫiḃ deiġionaċa.
Agus a duḃairt sé ríu, Ag so na briaṫar do laḃair mé riḃ, a núair do ḃí mé fós ḃar ḃfoċair, gur ab éigin na huile neiṫe atá sgríoḃṫa a reaċd Ṁáoisi, agus ann sna fáiġiḃ, agus ann sna salmuiḃ, am ṫimċeallsa do ċoiṁlíonaḋ.
Bíoḋ bríaṫar Ċríosd na coṁnuide ionnuiḃ go saiḋḃir sa nuile éagna; dá ḃur múnaḋ agus dá ḃur dteagasg féin a salmuiḃ agus a ḃfonnuiḃ molta Dé, agus a gcainticiḃ sbioradálta ag déunaṁ ceóil don Tíġearna ann ḃur gcroiḋṫiḃ maillé ré gean.
¶ Anois Dáiḃi bá mac é don Néṗrátiteaċsin ó Ḃetlehem‐Iudah, dar ḃamm Iesse; agus do ḃádar oċdar mac aige: agus do ḃí an tóglaċ mar ḋuine ḟoirfe a measg na ndaóine a láeṫiḃ Ṡauil.
Brisfiġear náṁuiḋ an TIĠEARNA na míreannuiḃ; amaċ ó neaṁ do ḋéana sé tóirneaċ orra: breaṫnoċuiḋ an TIĠEARNA cúainniġ an doṁuin, agus do ḃeara sé neart ḋá ríġ, agus áirdeoċaiḋ sé aḋarc a ungṫaiḋ.