Agus do ḃí slíaḃ Sínai uile fá ḋeatuiġ, do ċionn gur ṫuirling an TIĠEARNA air a tteiniḋ: agus do ċuáiḋ a ḋeataċ suás aṁuil ḋeataċ fuirnise, agus do ċrioṫnúiġ an slíaḃ uile go mór.
¶ Féuċ, ṫig ainm an TIĠEARNA ó imċéine, ag loscaḋ le na ḟeirg, agus is trom a úalaċsin: ataid a ṗuisíniġe lán dfeirg, agus a ṫeanga aṁuil teine loisgniġe:
Oír do hórduiġeaḋ Toṗet ón tseanaimsir; iseaḋ, don ríġ fós do hullṁuiġeaḋ é; do rinne sé doṁuin agus leaṫan é: sé a ċárn sin teine agus iomad connaiḋ: lasaiḋ anál an TIĠEARNA é, aṁuil sruṫ ruiḃe.
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA na slóġ, Do ḃriġ go laḃarṫaói an focalso, féuċ, do ḋéana misi mfocal ann do ḃéul na ṫeine, agus an pobalso na cconnaḋ, agus loisgfiḋ sé íad.