6 Ṫángadar doilġiosa ifrinn am ṫimċioll; do cuireaḋ líonta an ḃáis roṁam;
Agus má ḃíd síad ceangailte a ngeiṁliḃ, agus da ccongṁáil a slaḃraḋuiḃ na haindeise;
Do íaḋadar doilġiosa an ḃáis am ṫimċioll, agus fúaradar fórluinn ifrinn mé: aṁgar agus doḃrón do fuáir mé.
Dfoluiġeadar na huáiḃriġ an paintéar am ċoinne, agus corduiġe; do ṡíneadar líon ré taoḃ na slíġeaḋ: do ċuireadar innle am ċoinne. Selah.
Do ṫimċiolladar doilġiosa ifrinn fa ccuáirt mé: do cuireaḋ líonta an ḃáis as mo ċoinne.
Dliġeaḋ a neagnuiḋ is tobar na beaṫa é, do ḋealuġaḋ ré líontaiḃ an ḃáis.
As tobar beaṫa eagla an TIĠEARNA, do ḋealuġaḋ ré paintéarniḃ an ḃáis.
Géaḃuid a éaigcearta féin an ciontaċ, agus coinneoċṫar é lé córduiḃ a ṗeacaiḋ.
Agus a duḃairt, Déiġ mé do ḃríġ maindeise ċum an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ sé mé; as broinn na hdáiġe déiġ mé, agus do ċúala tú mo ġuṫ.
Agus an tan do ċífí Iérusalem ar na timċeallaḋ ó ṡlúaġuiḃ, bíoḋ a ḟios aguiḃ an tansin gur ab fogas a fásuġaḋ.
Noċ do ṫóg Día súas, íar sgáoileaḋ ḋoilġis an ḃáis: ar a naḋḃar nar ḃéidir don ḃás a ċungḃáil.