¶ Ná habraḋ mac an ċoiṁiġṫiḋ, ċeanglas é féin ris an TTIĠEARNA, ġa ráḋ, Do ḋealuiḋ an TIĠEARNA misi go hiomlán ó na ṁuinntir: agus ná habraḋ an cailteanaċ, Féuċ, is crann críon mé.
Mic na ccoiṁiġeaċ mar an ccéadna, íaḋas íad féin leis an TTIĠEARNA, dfoġnaṁ ḋó, agus do ġráḋuġaḋ anma an TIĠEARNA, agus do ḃeiṫ na seirḃíseaċaiḃ aige, gaċ uile ḋuine ċoiṁéadas an tsaóire naċ brisionn í, agus ġlacus gréim dom ċunnraḋ;
Agus do ċreid Síomón féin mar an gcéudna: agus ar na ḃaisdeaḋ, do ċóṁnuiġ sé a ḃfoċair Ṗilib, Agus ar ḃfaicsin dó na gcoṁarṫaḋ agus na miorḃuileaḋ móra ḋá ndéunaṁ, do ġaḃ úaṫḃás é.
Sona atá tusa O a Israel: cía is cosṁuil leaċd, a ṗobal do tárṫuiġeaḋ leis an TTIĠEARNA, scíaṫ do ċunganta, noċ ar bé cloiḋioṁ hoirḋearcuis! agus do ġeaḃṫar do naiṁde na mbréaguiriḃ ḋuit; agus sailtéora tú ar a náitiḃ árda.