44 Do ṡáor tusa mé mar an gcéadna ó ċeannairgiḃ mo ḋaoine, do ċuṁduiġ tú mé do ḃeiṫ am ċeann air na geintiḃ: daoine nar ḟeadair mé, do ḋéanuid serḃís daṁ.
¶ Agus do ḃí an pobal uile a nimreasain ar feaḋ ṫreaḃ Israel uile, ḋá ráḋ, Do ċuṁduiġ an ríġ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad, agus do ṡáor sinn ó láṁuiḃ na Ḃṗilístineaċ; agus a nois do ṫeiṫ sé as a ttír roiṁe Absolon.
Ann sin do ċúaiḋ an ḃean mar a raiḃ an pobal uile iona gliocus. Agus do ḃeanadar a ċéann do Ṡéba ṁac Biċri, agus do ṫeilgeadar amaċ ċum Ióab é. Agus do ṡéid seision stoc, agus dfilleadar ón ċaṫruiġ gaċ éanduine ḋá ṫiġ féin. Agus dfill Ióab go Hierusalem ċum an ríġ.
Féuċ, goirfiḋ tú cineaḋ naċ feas duit, agus críoċa da nár ḃaiṫnid ṫusa riṫfid síad ċugad do ḃríġ an TIĠEARNA do Ḋía, agus ar son Aóin Náoṁṫa Israel; óir do ġlóruiḋ sé ṫú.
Agus tugaḋ tiġearnas, agus glóir ḋó, agus rioġaċt, ċor go ḃfoġnaḋ a nuile ṗobal, cineaḋ, agus teángṫa ḋó: is tiġearnas síorruiḋe a ṫiġearnas, naċ niomeoċaiḋ ṫort, agus sí a rioġaċt naċ díoġḃáiġfiġear.
Agus síolċuirfiḋ mé riom annsa talaṁ í, agus do ḋéana mé grása uirre naċ ḃfuáir grása; agus a déara mé ris an ndruing naċ raiḃ mo ṗobal, Is tú mo ṗobal; agus a déaruid síadsan, Is tú mo Ḋía.
Agus do ḋéana an TIĠEARNA ceann díot, agus ní hearball; agus biáiḋ tú aṁáin a núaċdar, agus ní ḃiáiḋ tú a níoċdar; má éistionn tú re haiṫeantuiḃ do ṪIĠEARNA Dé, noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, dá ccoiṁéad agus dá gcoiṁlíonaḋ:
Agus do ṡéid an seaċdṁaḋ aingeal a sdoc; agus do ḃádar góṫanna móra ar neaṁ, ag ráḋ, Is lé ar Dtíġearnainne, agus lé na Ċríosd, ríoġaċda an dóṁuin; agus biáiḋ seisean na rí go sáoġal na sáoġal.