Tiucfuiḋ fós mic na ndaoine do ġortuiġ ṫú do ċláonaḋ ḋuit; agus a nuile ḋuine do ṫarcuisniġ ṫú cromfuiḋ síad síos ag bonnuiḃ do ċos; agus goirfid Caṫair an TIĠEARNA ḋíot, Sion Aóin Náoṁṫa Israel.
Agus do ċanadar cainntic núaḋ, ag ráḋ, As fíu ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ, agus a ṡéuluiḋe dfosglaḋ: do ḃríġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiḋ tú sinne do Ḋía réd ḟuil féin as a nuile ṫreiḃ, agus ṫeanguiḋ, agus ṗubal, agus ċineaḋ;
Marsin do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir go Ceilah, agus do ṫroideadar ris na Ṗilistíniḃ, agus ṫugadar a náirneís leó, agus do ḃúaileadar íad re hár mór. Marsin do ṡáor Dáiḃi áitreaḃaiġ Ċeilah.