36 Ṫug tú ḋaṁ mar an gcéadna sciaṫ do ṡlánuiġṫe: agus do rinne do ċeannsaċd mór mé.
Agus do ḋéuna mé cineaḋ mór ḋíot, agus beannóċuiḋ mé ṫú, agus do ḋeuna mé hainm mór; agus biaiḋ tú ad ḃeannuġaḋ:
Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór.
A mbeannuġaḋ go mbeannoċad ṫú, agus a méoduġaḋ go méideoċuiḋ mé do ṡíol aṁuil reulta niṁe, agus mar an ngaineaṁ ar ṫráiġ na fairge; agus sealḃoċuid do ṡíol geataiḋe a náṁad.
Méideoċa an TIĠEARNA siḃ ni sa ṁó agus ni sa ṁó siḃ féin agus ḃur cclann.
Agus ṫuguis ḋaṁ mar an gceudna scíaṫ do ṡlánuiġṫe: agus do ċonnaiṁ do láṁ ḋeas súas mé, agus do ṁéuduiġ do ċeansaċd mé.
Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ.
Agus tar gaċ uile ní, glacuiḃ ċuguiḃ, sgíaṫ an ċreidiṁ, tré na dtucfuiḋ ḋíḃ uile ġáeṫe tinntiġe na droċsbioruidedo ṁúċaḋ.
Agus gaḃuiḋ ċuguiḃ clogud na sláinte, agus cloiḋeaṁ na Sbioruide, eaḋon bríaṫar Dé.