Anois a síad so bríaṫra deiġionaċa Ḋáiḃi. Duḃairt Dáiḃi ṁac Iessé, agus a duḃairt, an té do tógḃaḋ súas go hárd, ungṫaċ Dé Iácob, agus sailmċéolaċ binn Israel:
Annsin ḃías háoiḃneas annsa TTIĠEARNA; agus do ḃéara misi ort marcuiġeaċd do ḋéanaṁ ar áitiḃ árda na talṁan, agus beaṫoċa mé ṫú a noiġreaċd Iácob haṫair: oir do laḃair béul an TIĠEARNA é.
Isé an TIĠEARNA Día mo neart, agus do ḋéana sé mo ċosa cosṁuil re cosaiḃ eilite, agus do ḃéara sé orum siuḃal ar máitiḃ árda. Don ṗriṁḟear ceóil ar maḋḃaḋuiḃ sreangaċa.
Ṫug sé air marcuiġeaċd do ḋéanaṁ ar áitiḃ árda an doṁain, ċor go ḃféadfaḋ toraḋ na maċaireaḋ diṫe, agus ṫug sé air mil do ṡúġaḋ as an gcarruicc, agus ola as an gcarruig ċrúaiḋ;