Día mo ċairge; is ann ḃías mo ḋóiġ: sé mo scíaṫ é, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ṫor árd, agus mo ḋidean, mo ṡlánuiġṫeóir; do ċuṁduiġ tú me ó ḟoiréigion.
Agus fúair tú a ċroiḋe fírinneaċ ad ḟiaġnuise, agus do rinne tú cunnraḋ ris, dúiṫċe na Ccanaaniteaċ, agus na Hittiteaċ, agus na Namoriteaċ, agus na Bperisiteaċ, agus na Iebusiteaċ, agus na Girgasiteaċ, do ṫaḃairt dá ṡíol, agus do ċoṁuill tú do ḃríaṫra; óir atá tú fíréanta:
Atá a ḟíos agam, gaċ a ndéanann Día, go mbía sin siorruiḋe: ní féidir éinní do ċur na ċionn, nó éainní do ḃuáin de: agus do ní Día so, ċor go mbíaṫ eagla ag na daoiniḃ roiṁe.
Agus a ccionn na láeṫeaḋsin misi Nebuċadnessar do ṫóig mé súas mo ṡúile ċum neiṁe, agus dfill mo ṫuigsi ċugam, agus do ḃeannuiḋ mé an té is ro Airde, agus do ṁol mé agus donóruiġios an té ṁairios go bráṫ, noċ ar tiġearnus síorruiġe a ṫiġearnus, agus agá ḃfuil a rioġaċd ó ġinealaċ go ginealaċ:
Anois misi Nebuċadnessar moluim agus árduiġim agus onóruiġim Ríġ neiṁe, ar fírinne a oibreaċa uile, agus gur breiṫeaṁnus a ṡliġṫe: agus an drong ṡiuḃluiġios a núaḃar féuduiġ sé a nísliuġaḋ.
Agus do ċanadar cainntic Ṁaóise ṡearḃḟoġantuiġ Dé, agus cainntic a Nuáin, ag ráḋ, As mór iongantaċ hoibreaċasa, a Ṫíġearna a Ḋé Uileċúṁaċduiġ; is coṁṫrom fírinneaċ do ṡliġese, a Rí na ccineáḋaċ.