Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 22:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Día mo ċairge; is ann ḃías mo ḋóiġ: sé mo scíaṫ é, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ṫor árd, agus mo ḋidean, mo ṡlánuiġṫeóir; do ċuṁduiġ tú me ó ḟoiréigion.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 22:3
52 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór.


Atá sliġe Dé iomlán; do dearḃaḋ bríaṫar an TIĠEARNA: atá sé na scéiṫ ag gaċ áon dá gcuirionn a ḋóiġ ann.


Mairiġ an TIĠEARNA; agus go maḋ beannuiġ mo ċarruigse; agus go nárduiġṫear Día ċairge mo ṡlánuiġṫe.


Agus do ḃeir amaċ óm naiṁde mé: do ṫóg tusa fós mé oscionn an drong deiriġ súas am aġaiḋ: do ċáoṁuin tú mé ó nfear díḃḟeirgeaċ.


As tor slánuiġṫe eision dá ríġ: agus foillsiġ sé trócaire dá ungṫaċ, do Ḋáiḃí agus dá ṡíol go bráṫ.


A duḃairt Día Israel, do laḃair Carruig Israel riomsa, Caiṫfiḋ an té ríaġlas ós cionn daóine ḃeiṫ ceart, ag ríaġlaḋ an neagla De.


Do náiriġeaḃair coṁairle an ḃoiċd, do ḃríġ gur bé an TIĠEARNA a ḋaingean.


Saor mé, a ṪIĠEARNA, ón droċḋuine: ó ḟior a nfoiréigin coiṁéad mé;


Ná daingniṫior fear ḋroċṫeangṫa ar talaṁ: fear a nfoiréigin do ḋéana urċaid sealgiḋ air ċum a ḋíbearṫa.


Coiṁéad mé, a ṪIĠEARNA, ó láṁaiḃ na cciontaċ; dídin mé ó ḟior a nfoiréigin; noċ ṡaóilios mo ċoiscéime do ċlaóiḋ.


Dféuċus air mo láiṁ ḋeis, agus daṁaircios, agus ní raíḃ áon do aiṫneoċaḋ mé: do ṁeiṫ dídean orum; ní raiḃ áon do íarr manam.


Mo ṫrócaire, agus mo ḋaingionn; mo ḋídion, agus mfear sáorṫa, mo sgiaṫ, agus an té ann a gcuirim mo ḋóiġ; noċ uṁluiġios mo ḋaóine fúm.


An TIĠEARNA mo ċarruic, agus mo ḋaingean, agus mfear sáorṫa; mo Ḋía, mo neart, ióna ccuirfe mé mo ḋóṫċus; mo scíaṫ, agus aḋarc mo ṡlánuiġṫe, mo ionad árd.


Oir foileoċuiġ sé mé iona ṗáilliún a ló a nuilc: coiṁéudfuiḋ mé go secréideaċ a nuáignios a ṫabernacuil; ar ċarruic ṫóigfios sé súas mé.


Isé an TIĠEARNA mo neart agus mo scíaṫ; do ċuir mo ċroiḋe a ḋóiġ ann, agus do coḃruiġeaḋ mé: ar a naḋḃarsin do ḋéana mo ċroiḋe gáirdeaċus; agus molfad é le mo ċaintic.


Aċt tusa, a ṪIĠEARNA, atá tú ad scéiṫ ḋaṁsa; mo ġlóir, agus fear tógṫa súas mo ċinn.


Is tú mionad foluiġ; coiseonuiḋ tú mé ó ḃuáiḋreaḋ; ré gáirdeaċus sáorṫa tiucfuir fá ccuáirt am ṫimċioll. Selah.


Se Día ar ndídean agus ar neart, cungnaṁ ro ollaṁ a mbuaiḋreaḋ.


Atá TIĠEARNA na sloġ linn; atá Día Iácob na ro ḋidean aguinn. Selah.


Ar a naḋḃarsin ní ḃía eagla oruinn, da mbeiṫ go nárṫoċaḋ an talaṁ, bíoḋ go náṫroċaḋ na sléiḃte go meaḋon na fairge;


Atá TIĠEARNA na slóġ linn; atá Día Iácob na ḋídean aguinn. Selah.


Oír ṫusa, a ṪIĠEARNA, beannoċa tú an fíréun; le faḃar timċiollfar é aṁuil buḋ le scéiṫ.


Scrios, a ṪIĠEARNA, agus roinn a tteangṫa: óir do ċonnairc mé foiréígion agus imreasan annsa ċaṫruiġ.


Aċt canfa misi dot neartsa; agus lúaṫġáirfead as do ṫrócaire gaċ maidin: óir ba tú mo ċoiṁéad agus mo ḋídean a ló mo ṫrioblóide.


Oír do ḃí tú ad ḟasgaḋ ágam, ad ṫor láidir ó aġaiḋ na naṁad.


Mar iongnaḋ do ḃí mé ag mórán; aċt is tusa mo ḋídean daingean.


O ṁeallaḋ agus ó ḟoiréigion fuáisceoluiḋ sé a nanam: agus buḋ dáor a ḃfuil iona raḋarc.


Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ.


A Ḋé ar scíaṫ, dearc agus feuċ, ar aġaiḋ hungṫaiġ féin.


O a Ḋé, déirġiodar na huáiḃriġ súas am aġaiḋ, agus díarradar coiṁṫíonól na ḃfoiréignioċ manam; agus níor ċuireadar ṫusa as a ccoṁar.


Agus an ṁuinntir agá ḃfuil fios hanma cuirfid a ndóiġ ionnad: óir ṫusa, a ṪIĠEARNA, níor ṫréigis an luċd íarrus ṫú.


Bíaiḋ an TIĠEARNA mar an ccéadna na ionad dídin don té ṡáruiġṫear, na ḋaingion a naimsearuiḃ buáiḋearṫa.


Ase an TIĠEARNA mo neart agus mo ḋan, agus do ḃí sé na ṫárṫáil daṁ: is eision mo Ḋía, agus do ḋéana mé áit coṁnuiġe ullṁuġaḋ ḋó: Día maṫar, agus airdeoċa me é.


Is tor daingion ainm an TIĠEARNA: rioṫuiḋ an fíréun ċuige, agus bí sé daingion.


Is fíorġlan gaċ uile ḃríaṫar Dé: is sciaṫ é don ṁéid ċuirios a ndóiġ ann.


Féuċ, is Día mo ṡlánaiġṫeóir; bím doṫċusaċ ann, agus ní ḃía eagla orum: óir isé an TIĠEARNA IEHOḂAH mo neart agus mó ċaintic; sé fós mo ṡlánuġaḋ é.


Agus biáiḋ neaċ mar áit fasgaiḋ on ġaóiṫ, agus mar ḟolaċ ó nanfa; aṁuil aiḃne uisge a náit ṫirim, aṁail sgáil cairge móire a ḃfearann ṫartṁar.


Innisiḋ, agus tugaiḋ a ḃfogus íad; gaḃaidís fós, coṁairle agá ċéile: cía dfoillsiġ so ón tseanaimsir? cía dinnis é ó sin a leiṫ? naċ déarna misi an TIĠEARNA? agus ní ḃfuil Día ar biṫ ann taóḃ amuiġ ḋíomsa: Día ceart agus Slánaiġṫeoir; ní ḃfuil maiṫearraċ ann.


O a ṪIĠEARNA, mo neart, agus mo ḋaingion, agus mo ċúil ḋidin a ló na haindeisi, tiucfaid na geintiḋe ċugad ó ṫéorannuiḃ na talṁan, agus a déuruid, Go deiṁin do ġaḃadar ar naiṫre óiġreaċt na mbréug, an dioṁaoinis, agus neiṫe gan tairḃe.


Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé fa deara do ċosc as a náitsi ann ḃur raḋarc, agus ann ḃur láeṫiḃ, gúṫ an tsúgarṫa, agus gúṫ na lúaṫġáire, gúṫ a nfir núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta.


Agus do ní mo spiorad gáirdeaċus a Ndía mó Ṡlánuiġṫeóir.


Agus do ṫóg sé súas aḋarc na sláinte ḋúinne a dtiġ Ḋáiḃi a ṡearḃḟoġantuiḋe féin;


Ga gcuiṁdéoċaḋ sé sinn ó ar naiṁdiḃ, agus ó láiṁ gaċ uile ḋuine agá ḃfuil fúaṫ ḋuinn;


Agus déara sé, Cáit a ḃfuilid a ndée, a gcarruicc ann ar ċuiréadar a ndóiġ,


Seision an Ċarruicc, atáid a oibreaċa iomlan: óir is breiṫeaṁnus a ṡliġṫe uile: Día na fírinne agus gan égceart, ceart agus díreaċ atá sé.


Sona atá tusa O a Israel: cía is cosṁuil leaċd, a ṗobal do tárṫuiġeaḋ leis an TTIĠEARNA, scíaṫ do ċunganta, noċ ar bé cloiḋioṁ hoirḋearcuis! agus do ġeaḃṫar do naiṁde na mbréaguiriḃ ḋuit; agus sailtéora tú ar a náitiḃ árda.


Aċd an tan do ṡoillsiġ féile agus gráḋ Dé ar Slánaiġṫeóra do ḋáoiniḃ,


Do ḋóirt sé oruinn go saiḋḃir tré Iósa Críosd ar Slanuiġṫeoir.


Agus a ris, Cuirfe mé mo ṁuiniġin ann. Agus a rís, Féuċ misi agus an ċlann tug Día ḋaṁ.


Agus do ġuiḋ Hannah, agus a duḃairt, Atá mo ċroiḋe solásaċ annsa TIĠEARNA, do hárduiġeaḋ maḋarc annsa TIĠEARNA; do fairsingeaḋ mo ḃéul ós cíonn mo náṁad; do ċionn go ngáirdiġim ann do ṡlánuġaḋsa.


Ní ḃfuil éainneaċ náoṁṫa mar an TTIĠEARNA: óir ní ḃfuil ann aċd ṫusa: agus ní ḃfuil carruig ar biṫ mar ar Ndíanne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ