Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 22:29 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

29 Oír is tusa mo ċoinniollsa, a ṪIĠEARNA: agus soillseoċuiḋ an TIĠEARNA mo ḋorċadus.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 22:29
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt do ṫárṫuiġ Abisai ṁac Seruiah é, agus do ḃuáil sé an Ṗilistineaċ, agus do ṁarḃ é. Ann sin ṫugadar muinntir Ḋáiḃi mionna ḋó, ḋa ráḋ, Ní raċa tusa níos mó linn amaċ ċum caṫa, ċor naċ múċfa tú solus Israel.


Agus do ḃéara mé aointreaḃ aṁáin da ṁacsan, ċor go mbía ag Dáiḃi mo ṡearḃḟoġantuiġ solus roṁam a ccoṁnuiġe ann Ierusalem, an ċaṫair do ṫoġ mé ḋaṁ féin do ċur manma innte.


A nuair do ḋéalruiḋ a ċoinneal ar mo ċeann, agus a nuáir do ṡiuḃail mé ṫríd an dorċadas le na ṡolus;


Eirġiḋ solus don droing ḋíriġ san dorċadas: don ġrásaṁuil, don trócaireaċ, agus do nfíréan.


Oír lasfaiḋ tú mo ċonniol: soillseoċṫuiḋ mo ṪIĠEARNA Día mo ḋorċadus.


Ise an TIĠEARNA mo ṡolus agus mo ṡlánuġaḋ; cía re a mbiáiḋ eagla agum? sé an TIĠEARNA neart mo ḃeaṫa; cía buḋ eagal daṁ?


Atáid mórán ag ráḋ, Cía ṫaísbeanfas maiṫ ar biṫ ḋuinn? a ṪIĠEARNA, tóg súas solus do ġnúisi oruinn.


Oír is grían agus scíaṫ an TIĠEARNA Día: do ḃéaraiḋ an TIĠEARNA grása agus glóir: ní ċuinneoċaiḋ sé maiṫ ón luċd do ṡiuḃlus go díreaċ.


Do síolaḋ solus do nfíréun, agus lúaṫġáire don díreaċ a ccroiḋe:


¶ Cía atá ḃur measg air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, uṁluiġios do ġuṫ a ṡeirḃísiġ, ṡiuḃluiġios a ndorċadus, agus ag naċ ḃfuil solus ar biṫ? cuireaḋ sé a ḋóiġ a nainm an TIĠEARNA, agus seasaḋ sé ar Ḋía.


Iomċoruiḋ mé díḃḟearg an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṗeacaiḋ mé na aġaiḋ, nó go ttagra sé mo ċúis, agus go mbéara breaṫ ar mo ṡon: do ḃéara sé amaċ ċum an tsoluis mé, agus do ċífiḋ mé a ḋioġrus.


¶ Aċt díḃse air a ḃfuil eagla manmasa éireoċuiḋ Grían a nionracuis maille ré leiġios iona sciaṫánuiḃ; agus raċfuiḋ siḃ amaċ, agus fásfuiḋ súas mar ġaṁnuiḃ an stalla.


Táinig mé mar ṡolus ċum an tsáoġail, ionnus giḋ bé ċreideas ionnam naċ déanaḋ sé coṁnuiḋe a ndorċadas.


Do laḃair Iósa riú a rís, ag ráḋ, Is misi solus an dóṁain: giḋ bé leanus misi, ní ṡioḃalfa sé a ndorċadas, aċd do ġéuḃa sé solus na beaṫa.


Agus ní ríaċdanaċ air an ccaṫruiġse grían, ná gealaċ dó ṡoillsiuġaḋ innte: óir do ṡoillsiġ glóir Dé í, agus a sé an Túan is solas di.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ