Ar son sáruiġṫe na mboċd, ar son osnaḋaċ na neasḃaḋaċ, anois éireoċa mé, (a duḃairt an TIĠEARNA); cuirfé mé eision a neaṁbaoġal ón té do ċuirfeaḋ a ngaiste é.
A ṪIĠEARNA, ní ḃfuil mo ċroiḋe árd, ní mó atáid mo ṡúile ar na ttógḃáil súas: agus níor ṡiuḃlas a naḋḃaraiḃ móra, agus a neiṫiḃ iongantaċa is áirde ná mé.
Agus táinig Maóise agus Aáron a steaċ go Ṗárao, agus a duḃradar ris, Is mar so a deir an TIĠEARNA, Día na Neaḃruiġeaċ, Gá fad ḃias tú ag díultaḋ ṫú féin dúṁluġaḋ dom laṫairse? léig dom ṗobal imṫeaċd, go ndéanaid serḃís daṁ.
Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.
Anois misi Nebuċadnessar moluim agus árduiġim agus onóruiġim Ríġ neiṁe, ar fírinne a oibreaċa uile, agus gur breiṫeaṁnus a ṡliġṫe: agus an drong ṡiuḃluiġios a núaḃar féuduiġ sé a nísliuġaḋ.