Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
Agus má ṡiuḃluiġionn tusa am laṫair, mar do ṡiuḃuil haṫair Dáiḃi, a niomláine croiḋe, agus a ḃfíréantaċd, do ḋéanaṁ gaċ uile neiṫe dar aiṫin misi ḋíot, agus go ccoiṁéadfa tú mo statúidiġ agus mo ḃreiṫeaṁnuis:
Agus do ḃí Máoise roḟeargaċ, agus a dúḃairt ris an TIĠEARNA, Ná taḃairsi meas ar a nofráil so: nícr ḃean misi éanassal áṁáin díoḃ, agus ní mó do ġortuiġ mé áon aca.
Oír a sé so ar ngáirdeaċaisne, fíaḋnuisi ar ccoinnsiáis, gur a neaṁurċóid agus a ḃfíorġloine ḋíaḋa, agus naċ a ngliocas colluiḋe, aċd maille ré grás Dé, do ḃí ar gcoinḃearsáid sa tsáoġal, agus go mórṁór eadruiḃsi.
Féaċuiḋ, atáim annso: déanuiḋ fiaḋnuisi am aġaiḋ a laṫair an TIĠEARNA, agus a laṫair a ungṫuiḋ: Cía agaiḃ dar ḃean mé a ḋaṁ? nó cía dar ḃean mé a assal? no cía do ṁeall mé? no cía do ġortuiġ mé? nó cía hí an láṁ as ar ġlac mé cuṁa ar biṫ do ḋallaḋ mo ṡul leis? agus aiseoga mé ḋíḃ é.