Agus do ḃéara an TIĠEARNA fa deara a ġuṫ glórmar do ċluinsion, agus foillseoċuiḋ sé tuirling a láiṁe a núas, maille re dioġaltas a ḟeirge, agus lé lasair ṫeineaḋ scriosta, maille re sgabaḋ, lé hanfa, agus lé cloiċṡneaċda.
Agus do hosglaḋ teampoll Dé ar neaṁ, agus ba léir áirc a ċonnarṫa ann a ṫeampoll: agus do ḃí tinnteaċ, agus goṫanna, agus tóirrneaċ, agus crioṫ talṁan, agus cloiċṡneaċda mór ann.
Brisfiġear náṁuiḋ an TIĠEARNA na míreannuiḃ; amaċ ó neaṁ do ḋéana sé tóirneaċ orra: breaṫnoċuiḋ an TIĠEARNA cúainniġ an doṁuin, agus do ḃeara sé neart ḋá ríġ, agus áirdeoċaiḋ sé aḋarc a ungṫaiḋ.
Agus mar do ḃí Samuel ag íoḋbairt na hofrála loisge, ṫangadar na Ṗilistiniġ a gcoṁḟogus do ċaṫnġaḋ a naġaiḋ Israel: aċd do ṫóirniġ an TIĠEARNA an lásin le tóirniġ ṁóir ar na Ṗilistiniḃ, agus do ċláoiḋ íad; agus do ṁarḃ íad as coinne Israel.