¶ Agus a duḃairt Nátan re Dáiḃi, Is tusa an duine. Is mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do unguiḋ misi ṫú ad ríġ ós cionn Israel, agus do ṡáor mé ṫú as láiṁ Ṡauil;
Ann sin do ġaḃ Maóise agus clann Israel an dánsa don TIĠEARNA agus do laḃradar, ag raḋ, Cánad don TIĠEARNA; óir rug sé búaiḋ go glorṁar: an teaċ agus an marcaċ do ṫeilg sé san ḃfairge.
Agus do rinne Dáiḃi coṁnuiġ san ḃfásaċ a ndaingneaċaiḃ laídre, agus dfan sé ar ṡlíaḃ a ḃfásaċ Siṗ. Agus do ḃí Saul dá íarruiḋ gaċ éanlá, aċd ní ṫúg Día iona láiṁ é.
Ar a naḋḃarsin bíoḋ an TIĠEARNA na breiṫeaṁ, agus beireaḋ sé breaṫ eadrumsa agus tusa, agus go féuċiḋ, agus go ttagruiḋ mo ċúis, agus go sáoruiḋ sé mé amaċ as do láiṁse.
Giḋeaḋ déirġe duine dot inġreim, agus díarruiḋ do ḃaís: aċd biáiḋ anum mo ṫiġearna ceangailte a gceanglaċán na beaṫa a ḃfoċair do ṪIĠEARNA Día; agus anmánna do náṁad, a síad ṫeilgfios sé amaċ, aṁuil as lár ċránn táḃuill.
Agus, féuċ, mar do ḃí hanum ro úasal am raḋarcsa a niuġ, gur marsin ḃías manumsa mórluáiġ a suiliḃ an TIĠEARNA, agus go sáoruiḋ sé mé ó nuile ṫrioblóid.
Agus a duḃairt Dáiḃí iona ċroiḋe, Muirfiġear me anois lá éigin le láiṁ Ṡauil: ní ḃfuil ní ḃus féarr ḋaṁ ná imṫeaċd gó lúaṫ go dúiṫċe na Ḃṗilistineaċ; agus raċaiḋ Saul a néadoṫċus dom ṫáoḃ, gan míarruiḋ ó sin amaċ a néanċósta Disrael: agus mar sin imeoċa mé as a láṁuiḃ.