Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 21:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Aċt do ċoigil an ríġ Meṗibóset, ṁac Ionaṫan ṁic Sauil, do ḃríġ ṁionna an TIĠEARNA do ḃí eatorra, idir Ḋáiḃi agus Ionatan ṁac Sauil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 21:7
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin a duḃairt an ríġ re Síba, Féuċ, is leaċdsa a ḃfuil ag Meṗibóset. Agus a duḃairt Siba, Iarruim go huṁal ort go ḃfaġá mé grása ad raḋarc, mo ṫiġearna a riġ.


Agus tárla, a núair ṫáinic sé go Hierusalem a ccóinne an ríġ, go nduḃairt an ríġ ris, Cred fa naċ deaċaiḋ tusa liomsa, a Ṁeṗibóset?


Agus do ḃí mac ag Ionatan, ṁac Sauil, do ḃí bacaċ ann a ċosuiḃ. Agus do ḃí a ccionn a ċúig mblíaḋan a nuáir ṫáinic sgéula ó Ṡaul agus ó Ionatan as Iesreel, agus do ṫóg a ḃanaltra lé é, agus do teiṫ si leis: agus tárla, mar do ḃí sí ag déanaṁ deiṫnios re teiṫeaṁ, gur ṫuit sé, agus go ndéarnaḋ bacaċ é. Agus sé dob ainm ḋó Meṗibóset.


Agus a duḃairt Dáiḃi, An ḃfuil fós éanduine béó do ṫiġ Ṡauil, go ttaisbéanuinn cinéul do ar son Ionatan?


Saoṫroċṫa tusa, agus do ṁic ar a naḋḃarsin, agus do ṡerḃísiġ, an fearann dó, agus do ḃéara tú a steaċ an soċar, ċor go mbía beaṫa ag mac do ṁaiġistir re iṫe: aċd íosa Meṗibóset mac do Maiġistir arán ar mo ḃordsa a ngnáṫ. Anois do ḃí ag Síba cúig mic ḋéug agus fiṫċe searḃḟoġantúiġ.


Anois a nuáir ṫáinic Meṗibóset, ṁac Ionatain, ṁic Sauil, mar a raiḃ Dáiḃi, do ṫuit sé ar a aġaiḋ, agus do rinne sé uṁla. Agus a duḃairt Dáiḃi, A Ṁeṗibóset. Agus do ḟreagair seision, Féuċ do ṡearḃḟoġantuiġ!


¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ná bíoḋ egla ort: óir go deṁin taisbeanfuiḋ misi cinéul duit ar son haṫar Ionatan, agus aiséoca mé ḋuit dúiṫċe Ṡauil haṫar uile; agus íosa tú arán ar mo ḃórdsa a ccoṁnuiġ.


¶ Coṁairliġim ḋuit aiṫne an ríġ do ċoiṁéad, agus sin ar son ṁionna Dé.


Ann sin do rinne Ionatan agus Dáiḃi cunnraḋ, do ċionn gur ḃionṁuín leis é mar a anum féin.


Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, O a ṪIĠEARNA a Ḋé Israel, a nuair spíonfus misi maṫair timċioll a namasa máraċ, nó an treas lá, agus, féuċ, má ḃíonn maiṫ a ttaoḃ Ḋáiḃi, agus naċ ccuirfe misi scénla annsin ċugadsa, agus naċ inneosa mé ḋuit é;


Aċt mar an gcéadna ní ġearrfa tú amaċ do ċinéul óm ṫiġ go bráṫ: ní ḋéanáir, ná fós a núair ġéarrfas an TIĠEARNA naiṁde Ḋáiḃi amaċ gaċ áon aca ó aġaiḋ na talṁan.


Agus ṫug Ionatan ar Ḋáiḃi mionnuġaḋ a rís, do ḃríġ gur ġráḋuiġ sé é: óir do ġráḋuiġ seision é mar do ġráḋuiġ sé a anum féin.


Agus a duḃairt Ionatan re Dáiḃi, Imṫiġ a síoṫċain, do ḃríġ go ttug gaċ nduine aguinne aráon a ṁionna a nainm an TIĠEARNA, ġa ráḋ, Bioḋ an TIĠEARNA eadrumsa agus tusa, agus eidir mo ṡlioċdsa agus do ṡlioċtsa go bráṫ. Agus déiriġ seision agus dimṫiġ sé: agus do ċuaiḋ Ionatan don ċaṫruiġ.


Ar a naḋḃarsin do ġeaḃṫar go maiṫ ar do ṡeirḃíseaċ ṫú; óir ṫug tú do ṡeirḃíseaċ do ḋéanaṁ cunnarṫa riot ann sa TIĠEARNA: giḋeaḋ, matá olc ionnamsa, marḃ féin mé; cred fá mbéartá ċum haṫar mé?


Agus do rinneadar aráon ceangal a láṫair an TIĠEARNA: agus dfan Dáiḃi san ċoill, agus dimṫiġ Ionatán dá ṫiġ féin.


Agus ṫug Dáiḃi a ṁionna do Ṡaul. Agus do ċuáiḋ Saul dá ṫiġ; aċd do ċuáiḋ Dáiḃi agus a ṁuinntir súas go daingean áiriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ