Agus Isbi‐benob, noċ dar buḋ da ṁaciḃ an aiṫiġ, dar ċoṁṫrom dá ġaṫ trí ċéud secel do ṗrás a ccoṁṫrom, ar ccur ċloiḋiṁ nuáiḋ ṫairis, do ṡáoil sé Dáiḃi ṁarḃaḋ.
¶ Dfill mé, agus do ċonnairc mé faói an ngréin, náċ don lúaṫ atá an ċoiṁling, nó an caṫ don neartṁar, nó fós an tarán do neagnuiḋ, nó fós saiḋḃrios do na daóiniḃ tuigsionaċa, nó fós faḃar do luċt an ġliocuis; aċt go tteagṁann am agus cinneaṁuin dóiḃ uile.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Annois ar a naḋḃarsin taḃair ḋaṁ an slíaḃso, dar laḃair an TIĠEARNA san lásin; óir do ċúala tú an lá sin mar do ḃádar na Hanacimiġ annsin, agus go raḃadar na caiṫreaċa mór daingion: má ḃíonn an TIĠEARNA liom, tiucfa ḋíom ar a ccur amaċ, mar a duḃairt an TIĠEARNA.