16 Agus Isbi‐benob, noċ dar buḋ da ṁaciḃ an aiṫiġ, dar ċoṁṫrom dá ġaṫ trí ċéud secel do ṗrás a ccoṁṫrom, ar ccur ċloiḋiṁ nuáiḋ ṫairis, do ṡáoil sé Dáiḃi ṁarḃaḋ.
Agus annsa ceaṫraṁaḋ Bliaḋain déug tainic Ċedorlaomer, agus na riġṫe do ḃí na ḟoċair, agus do ḃuáileadur na Reṗamiġ an Asterot Carnaim, agus na Susimiġ ann Ham, agus na Hemimiġ an Saḃeh Ciriataim,
Do ḃádar aiṫiṫe ar an ttalaṁ ann sna laeṫiḃ sin; agus mar an ccéudna na ḋiáiġ sin, a nuair ṫangadar mic Dé a steaċ ċum inġeana na ndáoine, agus rugadar clann dóiḃ, do ḟásadar sin na ndáoiniḃ árrṫaċda, noċ do ḃí san tseanaimsir na ndáoiniḃ iomráiteaċ.
Agus do ḃí fós caṫ a Ngát, mar a raiḃ duine do ṁéid ṁór, agus sé méir air gaċ láiṁ leis, agus sé méir ar gaċ cois leis, a ceaṫair fiṫċiod a nuiḃir; agus is don naiṫeaċ mar an gcéadna rugaḋ é.
Agus do ċúadar súas buḋ ḋeas, go ttangadar go Hebron; mar a ráḃadar Ahiman, Sesai, agus Talmai, clann Anac. A nois do rinneaḋ Hebron seaċd mbliaḋna roiṁe Soan sa Négipt.
Cáit a raċum súas? do ḋroiċṁeisniġeadar ar ndearḃráṫre ar gcroiḋe, ḋá ráḋ, Is mó agus is árraċduiġ na daoine úd ná sinne; atúid na caiṫreaċa mór agus ár na mballuġaḋ súas go neaṁ; agus fós do ċoncamar mic Anacim ann.
Oír do bé Og riġ Básan aṁáin do ṁair dtuiġioll na naiṫeaċ; féuċ, do ḃí a leaba na leaba híarann; naċ ḃfuil sí a Rabbat ċloinne Ammon? náoi ccuḃaid do ḃí na fad, agus ceiṫre cuḃaid na leiṫead, do réir ċuḃad fir.
Agus ba cosṁuil crann a ġaṫ re garmain fíġeadóra; agus do ċoṁṫromuiḋ ceann a ġaṫ sé ċéad secel íarruinn: agus óglaċ ag iomċar a scéiṫe ag gaḃáil roimbe.