¶ Agus dimṫiġ Dáiḃi, agus do ṫóg cnáṁa Ṡauil agus cnáṁa Ionataín a ṁic ó ṁuinntir Iabes Gilead, noċ do ġad íad ó ṡráid Ḃetsan, mar ar ċroċadar na Ṗilistiniġ íad, a nuáir do ṁarḃadar na Ṗilistiniġ Saul a Ngilboa:
Agus do aḋlaiceadar cnáṁa Ṡauil agus Ionatain a ṁic a ttír Ḃeniamin ann Selah, a ttuáma a aṫar Cis: agus do coiṁlíonadar gaċ ar aiṫin an ríġ. Agus na ḋiáiġ sin do fríṫ Día ré a ġuiḋe ar son na tíre.