Agus tangadar muínntir Iúdah, agus do ungadar Dáiḃi ann sin na ríġ ós cionn ṫiġe Iúdah. Agus dinnisiodar do Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Dob íad muinntir Iabesgílead do aḋluic Saul.
¶ Agus do ġlac Rispah inġean Aiah saicéadaċ, agus do leaṫnuiġ ḋi féin é ar an gcarruic, ó ṫosaċ an nfóġṁair nó gur ṡil uisge orra ó neaṁ, agus níor ḟuiling deanlaiṫ an naiéir ttuirling orra sa ló, nó daínṁintiḃ an ṁaċaire san noiḋċe.
¶ Agus dimṫiġ Dáiḃi, agus do ṫóg cnáṁa Ṡauil agus cnáṁa Ionataín a ṁic ó ṁuinntir Iabes Gilead, noċ do ġad íad ó ṡráid Ḃetsan, mar ar ċroċadar na Ṗilistiniġ íad, a nuáir do ṁarḃadar na Ṗilistiniġ Saul a Ngilboa: