Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 20:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus do ċuáiḋ muinntir Ióab amaċ ná ḋiáiġsion, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitíġ, agus na fir ċurata uile: agus do ċúadar a maċ as Ierusalem, do ṫóruiġeaċd a ndiaiġ Ṡéba ṁic Biċri.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 20:7
9 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġaḃadar a ṡeirḃísiġ uile ṫairis láiṁ ris; agus na Ċerititiġ uile, agus na Peletítiġ uile, agus na Gititiġ uile, sé céud fear ṫáinic na ḋiáiġ ó Ġát, do ġluáisiodar rompa roiṁe an ríġ.


¶ Anois do ḃí Ióab ós cionn ṡlóiġ Israel uile, agus Benaiah mac Iehoiada ós cionn na Ċeretiteaċ agus ós cionn na Bpeletíteaċ:


Agus do ḃí Ióab ṁac Seruiah ós cionn an tslóiġ; agus Iehosoaṗat ṁac Ahilud na ṡeanċuiġ;


Agus do ḃí Benaiah ṁac Iehoiada ós cionn na Ċeretiteaċ agus na Bpeletiteaċ; agus do ḃádar mic Ḋáiḃi na bpríoṁúaċdaránuiḃ.


A duḃairt an ríġ riú mar an gcéadna, Beiriḋ liḃ searḃḟoġantuiġiḋ ḃur ttiġearna, agus tugaiḋ air Ṡolaṁ mo ṁac dul air mo ṁúille féin, agus béiriġ síos é go Gihon:


¶ Ann sin do ċuáiḋ Sádoc an sagart, agus Nátan an fáiḋ, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitiġ, síos, agus do ċuireadar Solaṁ ar ṁúille Ḋáiḃi ríġ, agus ṫugadar go Gihon é.


Agus do ċuir an ríġ Sádoc an sagart leis, agus Nátan an fáiḋ, agus Benaiah mac Iehoiada, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitiġ, agus tugadar air dul ar ṁúille an riġ:


Ṫugamar ionnsuiġe ar an ttáoḃ ó ḋeas do na Ċeretíteaċaiḃ, agus ar na gcósta ḃeanas ré Iúdah, agus ar an ttáoḃ ó ḋeas do Ċáleb; agus do loisgeamar Siclag le teine.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ