Agus tug air dul air marcuiġeaċd san dara carbad do ḃí áige: agus do ḟúagradar roiṁe, filliḋ ḃar nglún: agus do rinne sé úaċdarán ḋe ós cionn criċe na Hégipte uile.
Agus do ġoir Ṗárao mar ainm do Ióseṗ Saṗnat-Ṗaaneah, agus tug sé mar ṁnáoi ḋó Asénat inġean Ṗotiṗerah sagart On: agus do ċuáiḋ Ióseṗ amaċ ar feaḋ ċríċe na Hégipte uile.
An sin do ḃí gorta a laéṫiḃ Ḋáiḃi trí bliaḋna, a ndiáiġ a ċéile; agus dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Is arson Ṡauil, agus a ṫiġe ḟuiltíġ, do ḃríġ gur ṁarḃ sé na Gibeonitiġ.
Agus do ḃádar na caintuireaḋa mic Asaṗ iona náit, do réir aiṫne Ḋáiḃi, agus Asaṗ, agus Héman, agus Iedutun féuċadóir an ríġ; agus na doirséoiriġ ag feiṫeaṁ ag gaċ éanġeata; níor ḃféidir leó a serḃis dfágḃáil; óir do ḋeasuiġeadar a ndearḃráiṫre na Leḃítiġ ḋóiḃ.
Agus a duḃairt seision, Cía rinne prionnsa, agus breiṫeaṁ ḋíotsa ós ar ccionne? a né ṡaóilios tú misi ṁarḃaḋ, mar do ṁarḃ tú an Tégipteaċ? agus do ġlac eagla Maoisi, agus a duḃairt, Is deiṁin gur fríṫ fios an ġníoṁasa.
A nois do ḃi ag sagart Ṁídian móirṡesior inġean: agus tangadur agus do ṫairngeadur uisge, agus do líonadar na humair do ṫaḃairt uisge do ṫréad a naṫar.