Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 20:23 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 ¶ Anois do ḃí Ióab ós cionn ṡlóiġ Israel uile, agus Benaiah mac Iehoiada ós cionn na Ċeretiteaċ agus ós cionn na Bpeletíteaċ:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 20:23
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuáiḋ muinntir Ióab amaċ ná ḋiáiġsion, agus na Ċeretitiġ, agus na Peletitíġ, agus na fir ċurata uile: agus do ċúadar a maċ as Ierusalem, do ṫóruiġeaċd a ndiaiġ Ṡéba ṁic Biċri.


Agus Benaiah mac Iehoiada, mac duine ċurata, ó Ċabseel, noċ do rinne móirġnioṁa, do ṁarḃ sé días fear leoṁanta do Ṁóab: do ċuáiḋ sé síos mair an gcéadna agus do ṁarḃ sé leoṁan a lár cuife an aimsir ṡneaċda:


Agus do ḃí Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel go hiomlán; agus do rinne Dáiḃi breiṫeaṁnus agus ceart dá ḋaóiniḃ uile.


Agus do ċoṁairliġ sé le Ióab mac Seruiah, agus re Abiatar an sagart: agus ag leanṁuin Adoniiah ḋóiḃ do ċungnádar leis.


Aċ Sádoc an sagart, agus Benaiah mac Iehoiada, agus Nátan an fáiḋ, agus Simei, agus Rei, agus dáoine cuṁaċdaċa do ḃean re Dáiḃi, ni raḃadar a ḃfoċair Adoniiah


Mar sin do ḃí an ríġ Solaṁ na ríġ ós cionn Israel uile.


¶ Agus do ċuir Iehoiada teaċda uáḋ an seaċdṁaḋ blíaḋuin agus ṫug leis na húaċdaráin ós cionn na ccéud, agus na caiptíniġ agus an gárda, agus ṫug ċuigesion íad go tiġ an TIĠEARNA, agus do rinne cunnraḋ ríu, agus do ḃean mionna ḋíoḃ a ttiġ an TIĠEARNA, agus do ṫaisbéin mac an ríġ ḋóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ