Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 20:21 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

21 Ni mar sin atá an ċúis, aċ duine ó ṡlíaḃ Eṗraim, dar bainm Séba ṁac Biċri, noċ do ṫóg súas a láṁ a naġaiḋ an ríġ, eaḋon a naġaiḋ Ḋáiḃi: seaċaduiġ eision aṁáin, agus imṫeoċuiġ mísi ón ċaṫruiġ. Agus a duḃairt an ḃean re Ioab, Féuċ, teilgfiġear a ċeann ċugad tar an mballa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 20:21
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.


Mar sin do ċuáiḋ gaċ éanduine Disrael súas ó ḃeiṫ a ndiáiġ Ḋáiḃi, agus do leanadar Séba ṁac Biċrí: aċt do ċeangladar muinntír Iúdah ré na ríġ, ó Iordan air fad go Hierusalem.


Agus do ḟreagair Ióab, agus a duḃairt, Go maḋ fada, go maḋ fada sin uaimsi, go sluicfin súas nó go millfinn í.


Agus do ḃí Abisai, mac Seruiah dearḃraṫair Ióab, na ċeann ar ṫriúr. Agus do ṫóg sé a ġaṫ súas a naġaiḋ ṫrí gcéad, agus do ṁarḃ se íad, agus fuáir sé ainm a measc triúir.


¶ Agus Ieroboam mac Nébat, Eṗratíteaċ as Sereda, searḃḟoġantuiġ Ṡoluiṁ, (noċ ar ḃe ainm a ṁaṫar Seruah, baintreaḃaċ), do ṫóg seision fós a láṁ súas a naġaiḋ an ríġ.


Agus tárla, a núair rugaḋ an litir ċucasan, gur ġaḃadar clann an ríġ, agus gur ṁarḃadar deiṫneaṁar agus trí tiṫċid fear, agus do ċuireadar a ccinn a cclíaḃuiḃ, agus do ċuireadar ċuigesion go Iesreel íad.


Agus a duḃairt seísion, Atáid go maiṫ uile. Do ċuir mó ṁaiġistir mé, ḋa raḋ, Féuċ, ṫáinig ċugam anois ó ṡliaḃ Eṗraím días óganaċ do ṁacaiḃ ná ḃfáġ: guiḋim ṫú, taḃair ḋóiḃ, tallann airgid, agus ḋá aiṫearraċ culáḋaċ.


Oír foillsiġ guṫ ó Ḋan, agus fuágruiḋ aindeisi ó ṡlíaḃ Eṗraim.


Agus do ḃéara mé Israel a rís dá áitreaḃ, agus bíaṫfuiḋ sé ar Ċarmel agus ar Ḃasán, agus biáiḋ a anam sáiṫeaċ ar ṡliaḃ Eṗraim agus Ġilead.


¶ Agus déug Eleásar ṁac Aaron; agus do aḋlaiceadar é a ccnoc do ḃean ré Ṗínehas a ṁac, noċ tugaḋ ḋó a sliaḃ Eṗraim.


Agus do aḋlaiceadar é a nimiol a oiġreaċda féin a Ttimnat‐héres, a slíaḃ Eṗráim, annsa táoḃ ṫúaiġ don ċnoc Gaas.


¶ Agus dó ċuir Gideon teaċda ar feaḋ ṡléiḃe Eṗraim, ġa ráḋ, Tigiḋ a núas a naġaiḋ na Mídianaċ, agus gaḃuiḃ rompa na huisgiḋe go Bet‐barah agus go Iordan. Ann sin do ċruinniġeadar muinntir Eṗraim íad féin a cceann a ċéile, agus do ġaḃadar na huisgiḋe go Bet‐barah, agus go Iordan.


Agus a nuair do ċonncadar clanna Israel gur marḃaḋ Abimeleċ dimṫiġeadar gáċ éanduine ḋíoḃ ḋá áit féin.


Agus a duḃairt sé re na ḋaóiniḃ, Nár léige Día go ndéanainnsi an níse rém ṁaiġistir, ungṫaċ an TIĠEARNA, mo láṁ do ṡíneaḋ amaċ na aġaiḋ, o sé ungṫaċ an TIĠEARNA é.


Agus a duḃairt Dáiḃi re Abisai, Ná marḃ é: óir cía ḟéadus a láṁ do ṡíneaḋ amaċ a naġaiḋ úngṫuíḋ an TIĠEARNA, agus ḃeiṫ neiṁċiontaċ?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ