Aċt ní ṫug Amasa aire don ċloiḋeaṁ do ḃí a láiṁ Ióab: mar sin do ḃuáil sé é don ċloiḋeaṁ an sa ccuigeáḋ ásna, agus do leíg sé a inniġe amaċ fán ttalaṁ, agus níor ḃuail sé a rís é; agus fúair sé bás. Marsin do lean Ioab agus Abisai a ḋearḃraṫair a a ndiáiġ Ṡéba ṁic Biċri.
Is áon misi don droing atá síoṫċánta agus firinneaċ a Nísrael: atá tusa ag íarruiḋ caiṫreaċ do ṁilleaḋ agus fós príoṁċaṫair a Nísrael: cred fá sluícfeá suás oiġreaċd an TIĠEARNA?
Ni mar sin atá an ċúis, aċ duine ó ṡlíaḃ Eṗraim, dar bainm Séba ṁac Biċri, noċ do ṫóg súas a láṁ a naġaiḋ an ríġ, eaḋon a naġaiḋ Ḋáiḃi: seaċaduiġ eision aṁáin, agus imṫeoċuiġ mísi ón ċaṫruiġ. Agus a duḃairt an ḃean re Ioab, Féuċ, teilgfiġear a ċeann ċugad tar an mballa.
Agus a duḃairt sé, Bíoḋ sin a ḃfad uannsi, a ṪIĠEARNA, go ndéanuinn so: naċ í so fuil na ndáoine do ċuáiḋ a nguais a nanma? uime sin níor ḃáill leis a ól. Do rinneadar an triúrsa dfearuiḃ gaisgeaṁla na neiṫesi.