Agus do ċuir Ióab fios go Tecoah, agus ṫug as sin bean ċríonna, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, léig ort féin ḃeiṫ ad ċuṁaċ, agus cuir ort a nois éadaċ cuṁa, agus ná cumuil ola ḋíot féin, aċ bí mar ṁnáoi atá ré fada a geuṁaiḋ ar son an ṁairḃ.
Agus a nuáir ṫáinig sé laíṁ ría, a dúḃairt an ḃean, An tú Ióab? Agus do ḟreagair seision, as mé. Ann sin a duḃairt si ris, Eist bríaṫra do ḃanóglaiċ. Agus do ḟreagair seision, eísdiem.
Ann sin do ċúaiḋ an ḃean mar a raiḃ an pobal uile iona gliocus. Agus do ḃeanadar a ċéann do Ṡéba ṁac Biċri, agus do ṫeilgeadar amaċ ċum Ióab é. Agus do ṡéid seision stoc, agus dfilleadar ón ċaṫruiġ gaċ éanduine ḋá ṫiġ féin. Agus dfill Ióab go Hierusalem ċum an ríġ.
¶ Annsin do ḟreagair Dániel maille ré coṁairle agus re heagna do Arioċ caiptín an ríġ ġárda an ríġ, noċ do ċuáiḋ amaċ do ṁarḃaḋ ḋaóine glioca na Babilóine.
Anois do bé ainm an duine Nábal; agus ainm a ṁná Abigail: agus bá bean ḋeaġṫuigsionaċ í, agus sgíaṁaċ a ngnúis: áċd do ḃí an fear íargcúlta agus go holc iona ġníoṁarṫaiḃ; agus bá do ṫiġ Ċaleb é.