Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 20:13 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 A núair do haṫarruiġeaḋ é don tsliġe ṁóir, do ġluáisiodar an pobal uile a ndiáiġ Ioab do ṫóruiġeaċd a ndiáiġ Ṡéba ṁic Biċri.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 20:13
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla go raiḃ óglaċ do Ḃelial annsin dar ḃamm Séba, ṁac Biċri, Beniamiteaċ: agus do ṡéid sé stoc, agus a duḃairt, Ní ḃfuil cuid ar biṫ aguinne a Ndáiḃi, ní mó atá oiġreaċd aguinn a mac Iesse: ṫéiġeaḋ, gaċ éanduine dá lóistín féin, O Israel.


Agus do ṡeas duine do ṁuinntir Ióab láiṁ ris, agus a duḃairt, An té ler bionṁuin Ióab, agus an té atá ar son Ḋaiḃi, éirġioḋ sé a ndiáiġ Ioab.


¶ Agus do ċuáiḋ sé tré ṫreaḃuiḃ Israel uile go Habel, agus go Betmaaċah, agus na Beritiġ uile: agus dó ċruinniġeadar a ccionn a céile, agus do leanadar eision,


¶ Agus do ċuir ríġ na Hassíria Tartan agus Rabsaris agus Rabsaceh ó Laċis gus an ríġ Heseciah maille re slúaġ mór a naġaiḋ Ierusalem. Agus do ċuádar súas agus ṫangadar go Hierusalem. Agus a nuáir ṫangadar a níos, ṫangadar agus do ṡeasadar ag píopa an loċáin dob áirde, noċ atá a sliġe ṁóir ṁaċaire a núcaire.


Ise sliġe ṁór a nfírein dealuġaḋ ris a nolc: an té ċoiṁéadas a ṡliġe cuṁduiġe sé a anam.


¶ Agus do ċuir ríġ na Hassíria Rabsáceh ó Laċis go Hierusalem gus an riġ Heseciah maille ré slúaġ mór. Agus do ṡeas sé láiṁ ré píob ṫobair an loċáin úaċdaraiġ a sliġe ṁóir ṁaċaire a núcaire.


¶ Eirgiḋ ṫríd, éirgiḋ ṫríd na geataḋuiḃ; ullṁuiġiḋ sliġe an ṗobail; teilgid súas, teilgiḋ súas an tsliġe ṁór; cruinniġiḋ amaċ na cloċa; tógḃuiḋ súas brataċ don ṗobal.


Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA re Hisaiah, Eiriġ amaċ do ṫeagṁáil re Ahas, ṫú féin, agus Seur‐Iasub do ṁac, ag ceann tiubruide an loċáin úaċdaruiġ a sliġe ṁóir ṁaċaire a núcaire;


Cuir súas duit féin coṁarṫaḋa sliġeaḋ, déana ḋuit cáirn árda: cuir do ċroiḋe leaṫ ris an tsliġe ṁóir, eaḋon an tsliġe ann ar imṫiġ tú: fill a rís, a ṁaiġdion Israel, fill a rís ċuca so do ċaiṫreaċasa.


Agus a duḃradar clann Israel ris, Raċaimne ar feaḋ na sliġeaḋ móire: agus má iḃiom fein ná máirnéis deoċ dod ċuid uisge, annsin díolfa mé ar a ṡon: raċad aṁáin, gun éinní oile, ṫríd a tír dom ċosuiḃ.


Agus tangadar go Iericó: agus ar nimṫeaċd dósan agus á ḋeisciobluiḃ agus do ḃuiḋin ṁóir as Iericó, do ṡuiḋ an dall Bartiméus, mac Ṫiméus, ar a tsliġe ag iarruiḋ déirce.


Ann sin a duḃradarsan, Féaċ, atá féasta don TIĠEARNA a Síloh gaċa bliaḋna noċ atá don táoḃ ṫuáiġ do Ḃetel, don táoḃ ṡoir don tsliġe ṁóir noċ téid súas ó Ḃetel go Sċeċem, agus táoḃ ó ḋeas do Lebonah.


Agus do ġaḃadar na ba an ráon direaċ go slíġe Ḃet‐semes, agus do imṫiġeadar ar feaḋ na sliġeaḋ móire, ag géimniġ mar do imṫiġeadar, agus níor ċasadar do leaṫ taóiḃ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé; agus do ċúadar tiġearnuiḋ na Ḃṗilistineaċ na ndiáiġ go brúaċ Ḃet‐semes.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ