Agus do ḃí Amasa ḋá ḋúnfuirt a ḃfuil a lár na sliġeaḋ móire. Agus a nuáir do ċonnairc an tóglaċ gur ḟanadar cáċ uile na seasaṁ, do áṫarruiġ sé Amasá as a tsliġe ṁóir a steaċ ansa maċaire, agus do ṫeilg éadaċ ṫairis, a núair do ċonnairc sé go ḃfanaḋ gaċ éanduine dá ttigeaḋ go nuige é na ṡeasaṁ.
Ni mar sin atá an ċúis, aċ duine ó ṡlíaḃ Eṗraim, dar bainm Séba ṁac Biċri, noċ do ṫóg súas a láṁ a naġaiḋ an ríġ, eaḋon a naġaiḋ Ḋáiḃi: seaċaduiġ eision aṁáin, agus imṫeoċuiġ mísi ón ċaṫruiġ. Agus a duḃairt an ḃean re Ioab, Féuċ, teilgfiġear a ċeann ċugad tar an mballa.
Ann sin do ṫóg seision a aġaiḋ súas ċum na fuinneóige, agus a duḃairt, Cía atá dom ṫáoḃsa? cia hé? Agus dféuċadar annsin amaċ air días nó triúr do na cúirtoriḃ.