Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 2:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus do rinne sé ríġ ós cionn Ġílead ḋe, agus ós cionn na Nasúríteaċ, agus ós cionn Iesreel, agus ós cionn Eṗraim, agus ós cionn Israel uile.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 2:9
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Léah, Is sona misi, óir goirfid na hinġeana beannuiġe ḋíom: agus do ġoir sí Aser dainm ḋe.


Do ḃí Isboset ṁac Sauil ceaṫraċad blíaḋan daóis a núair do ṫionsguin sé riġe ós cionn Israel, agus do ḃí na ríġ ḋá ḃlíaḋuin. Aċd do lean tiġ Iúdah Dáiḃi.


¶ Agus tárla, an feaḋ do ḃí cogaḋ idir ṫiġ Ṡauil agus tiġ Ḋáiḃi, go ndéarna Abner é féin láidir do ṫiġ Ṡauil.


Agus do ċloinn Ḃeniamin, do ġáol Ṡauil, trí ṁile: óir go nuige so síad an ċuid bá ṁó ḋíoḃ do ċoiṁéadaḋ tiġ Ṡauil.


Agus do ċloinn Eṗraím fiṫċe mile agus oċd ccéad, dáoine neartṁara a ccalmaċd, tásgaṁla ar feaḋ ṫiġe a naiṫreaḋ.


Is líomsa Gílead, agus is leam Manasseh; agus is é Eṗraim mar an gceadna neart mo ċinn; is é Iúdah do ḃeir mo ḋliġeaḋ úaḋ;


¶ Do ċloinn Aser, do reir a nginealaċ, do réir a muinntear, as tiġe a naiṫreaḋ, do réir uiḃre a nanmann, ó aois ḟiċid bliaḋan agus ós a ċionn, an ṁéid da dtáinic dul amaċ san ccogaḋ;


¶ Agus is marso do ḃí teóra ċloinne Eṗraim do reír a muinntear: eaḋon teóra a noiġreaċda ar an ttáoiḃ ṡoir do bé Atarot‐addar, go Betóron uaċdaraċ;


Do ċúaiḋ an teóra amaċ ó Ṫappuah don táoiḃ ṡíar go sruṫ Canah; agus do ḃí a ndula amaċ ag an ḃfairge. Sé so oiġreaċd ṫreiḃe ċloinne Eṗraim do réir a muinntear.


Agus na caiṫreaċa leiṫreaċuis do ċloinn Eṗraim do ḃádar a measc oiġreaċda ċloinne Manasseh, na caiṫreaċa uile gun a mbailtiḃ.


Do ḃí mar an cceadna cuid ronna ag treiḃ Ṁanasseh; oir do bé céadṁac Ióseṗ é; do Ṁáċair ceidġin Ṁanasseh, aṫair Ġílead: do ċionn gur bḟear coguiḋ é, uíme sin fúair se Gilead agus Básan.


¶ Agus ṫug sé amaċ crannċair ṫreiḃe ċloinne Beniamin do réir a muinntear: agus táinic cósta a ccranċar amaċ idír ċloinn Iúdah agus ċloinn Ióseṗ.


Agus do bé Iordan a ṫéora sin don taóiḃ ṡoir. Dob í so oiġreaċd ċloinne Beniamin, le na gcóstuiḃ timċioll fa gcuáirt, do réir a muinntear.


Agus do ḃí a tteóra leaṫ re Iesreel, agus Ċesullot, agus Sunem,


Agus do ḟilleadar clann Reuben agus clann Ġad agus leiṫṫreaḃ Ṁanasseh, agus do ḋealuiġeadar re cloinn Israel as Siloh, noċ atá a ttír Ċanaain, do ḋul go tir Ġilead, go dúiṫċe a seilḃe, noċ do ṡealḃuiġeadar, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA le láiṁ Ṁaóise.


Aċ do ċoṁnuiġeadar na Haseritiġ a measc na Gcanaaníteaċ, áitreaḃuiġ an nfearuinn: óir níor ḋíbriodar amaċ iad.


Anois do ċruinniġeadar na Ṗilistiniġ a sluaġ uile a gcionn a ċéile go Haṗec: agus do ḃí Israel a ccampa láiṁ re tobar atá ann Iesreel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ