Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 2:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Ar a naḋḃarsin anois bidís ḃur láṁasa ar na neartuġaḋ, agus bíṫí curata: óir fúair Saul ḃur maiġistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tiġ Iúdah misi am ríġ ós a gcionn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 2:7
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Andiaiġ na neiṫeannso táinig briaṫar an TIĠEARNA ċum Abram a dtaisbeanaḋ, ag ráḋ, Ná himeagluiḋ a Abram: is misi do scíaṫ, agus do luáiḋeaċd roṁór.


Bíoḋ meisneaċ ṁaiṫ agad, agus foillsiġeam sinn féin ar ḃfearuiḃ ar son ar bpobail, agus ar son ċaiṫreaċa ar Ndé: agus déanaḋ an TIĠEARNA an ní is maiṫ ann a raḋarc féin.


Agus a nois go ttaisbéanuiġ an TIĠEARNA ḋaóiḃse cinéul agus fírinne: agus cúiteoċuiḋ misi fós an cinéulsa riḃ, do ḃríġ go ndéarnaḃair an níse.


¶ Aċ do ġlac Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Ṡauil, Isboset ṁac Ṡauil, agus ṫug leis a nall go Mahanaim é;


Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.


Agus ṫug sé mac an ríġ amaċ, agus do ċuir coróin air, agus ṫug an nfíaḋnuise ḋó; agus do rinneadar ríġ ḋe, agus do ungadar é; agus do ḃuáileadar a mbasa air a ċéile, agus a duḃradar, Go mairiġ an ríġ.


Annsin dfoillsiġ mé ḋóiḃ láiṁ mo Ḋé noċ do ḃí líom go maiṫ; agus bríaṫra an ríġ mar an ccéadná, mar do laḃair sé riom. Agus a duḃradarsan, Eirġiom agus deanam a nobair súas. Marsin do neartniġeadar a láṁa ċum na hoibre maiṫesi.


Déunaiḋ faire, seasaiḋ go daingion sa gcreideaṁ, bíġiḋ fearrġa, bíġiḋ láidir.


Fá ḋeóiġ, a ḋearḃráiṫreaċa, bíġiḋ neartṁar sa Dtíġearna, agus a gcúṁaċd a neirtsion.


Déirġeadar an ṁéid do ḃí curata uile, agus do imṫiġeadar ar feaḋ na hoiḋċe, agus do rugádar corp Ṡauil agus cuirp a ṁac ó ḃalla Ḃet‐san, agus tangadar go Iábes, agus do loisgeadar ann sin íad.


¶ Agus a nuair do ċonncadar clanna Israel noċ do ḃí don táoiḃ oile don ġleann, agus drong do ḃí táoḃ ṫall do Iordan, gur ṫeiṫeadar fir Israel, agus gur eúg Saul agus a ṁic, do ṫreigeadar na caiṫreaċa, agus do ṫeiṫeadar; agus tangadar na Ṗilistiníġ agus do aitreaḃadar ionta.


Bíṫi láidir, agus déanuiḋ go fearaṁuil, O a Ṗilistiniġ, ċor naċ béiṫí ḃur serḃíseaċuiḃ do na Heaḃraḋuiḃ, mar do ḃádarsan díḃse: déanuiḋ go fearaṁuil, agus troidiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ