Ann sin a duḃairt Dáiḃi, Taisbeanfuiḋ mé muinntearḋus do Hanun ṁac Nahas, mar do ṫaisbéin a aṫair cinéul daṁsa. Agus do ċuir Dáiḃi daóine ḋá ṡerḃíseaċaiḃ dá ṁeisniuġaḋ ar son a aṫar. Agus tangadar séirḃísiġ Ḋáiḃi a steaċ go dúiṫċe ċloinne Ammon.
An tan naċ ttainic tú aċd a né, an ttiuḃruinnsi ort a niuġ gluasaċd linn síos agus súas? ó táimsi ag dul mar a ḃféaduím, fillse ar hais, agus béir do ḋearḃraiṫre ar a nais: go ráiḃ trócaire agus fírinne maille leaċd.
Ar a naḋḃarsin anois bidís ḃur láṁasa ar na neartuġaḋ, agus bíṫí curata: óir fúair Saul ḃur maiġistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tiġ Iúdah misi am ríġ ós a gcionn.
Agus a dnḃairt an ríġ ris, An mairionn éanduine fós do ṫiġ Ṡauil, go ḃfoillsiġiḋ mé muinntearḋus Dé ḋó? Agus a duḃáirt Síba ris an ríġ, Atá mac fós ag Ionatan, noċ atá bacaċ iona ċosuiḃ.
¶ Agus a duḃairt Dáiḃi ris, Ná bíoḋ egla ort: óir go deṁin taisbeanfuiḋ misi cinéul duit ar son haṫar Ionatan, agus aiséoca mé ḋuit dúiṫċe Ṡauil haṫar uile; agus íosa tú arán ar mo ḃórdsa a ccoṁnuiġ.
Agus do ġaḃ an TIĠEARNA ṫairis as a ċoinne, agus do ḟógair, An TIĠEARNA, An TIĠEARNA Día, trócaireaċ agus grásṁuil, fadḟuilnġṫeaċ, agus iomlán do ṁaiṫ agus dfírinne,
Aċd a deirimsi riḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ dá ḃur naíṁdiḃ, beannaiġiḋ na dáoine ṁallaiġeas siḃ, deunaiḋ maiṫ do na dáoiniḃ ait ar beag siḃ, agus deúnaiḋ urnaiġṫe ar son na muinntire ḃuaiḋreas siḃ, agus ḋíbreas suḃ;
Agus do ḟreagradar na dáoine í, Ar nanum ar ḃur sonsa, muna ḃfoillsiġiḋ tú na gnoṫuiġesi águinn. Agus is aṁluiḋ ḃías, a núair ḃéaras an TIĠEARNA an dúiṫċe ḋúinn, go ndéanum go cinéulta fírinneaċ riotsa.
Agus a duḃairt Naomi re na días ḃainċleaṁnuiḃ, Eirgiḋe, filleaḋ gaċ aon aguiḃ go tiġ a maṫar: go ndéarna an TIĠEARNA go trócaireaċ riḃ, mar do rinneaḃairsi ris na marḃuiḃ, agus riomsa.