4 Agus tangadar muínntir Iúdah, agus do ungadar Dáiḃi ann sin na ríġ ós cionn ṫiġe Iúdah. Agus dinnisiodar do Ḋáiḃi, ġa ráḋ, Dob íad muinntir Iabesgílead do aḋluic Saul.
¶ Agus do ċuir Dáiḃi ríġ fios go Sadoc agus go Abiatar na sagairt, ḋa ráḋ, Laḃruiḋ ré seanuiḃ Iúdah, ḋa raḋ, Creád fa ḃfuiltíse air deireaḋ do ḃreiṫ an ríġ air ais da ṫiġ? ó ṫáinic coṁráḋ Israel uile go nuíge an ríġ ḋa ṫiġ.
Agus do ḟreagradar fir Iúdah uile fir Israel, Do ċionn go ḃfuil an ríġ a ngáol fogus dúmn: cred uimesin fa mbiaṫ fearg oruiḃsi fa naḋḃarsin? a ndúamar air éanċor do ċostús an ríġ? nó an ttug sé tioḋlaċaḋ ar biṫ ḋúinn?
Ar a naḋḃarsin anois bidís ḃur láṁasa ar na neartuġaḋ, agus bíṫí curata: óir fúair Saul ḃur maiġistir bás, agus mar an gcéadna do ungadar tiġ Iúdah misi am ríġ ós a gcionn.
¶ Agus dimṫiġ Dáiḃi, agus do ṫóg cnáṁa Ṡauil agus cnáṁa Ionataín a ṁic ó ṁuinntir Iabes Gilead, noċ do ġad íad ó ṡráid Ḃetsan, mar ar ċroċadar na Ṗilistiniġ íad, a nuáir do ṁarḃadar na Ṗilistiniġ Saul a Ngilboa:
¶ Aċd a núair do ċúaladar na Ṗilistiniġ gur ungadar Dáiḃi na ríġ os ċionn Israel, tangadar na Ṗilistiniġ súas uile díarruiḋ Ḋáiḃi; agus do ċúaluiḋ Dáiḃí sin, agus do ċúaíḋ sé síos don náit ḋaingin.
Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.
Do ḃí ná ríġ ann Hébron ós cionn Iúdah seaċd mbliaḋna agus sé ṁí: agus do ḃí na ríġ ann Ierusalem tríoċad agus trí ḃlíaḋna ós cionn Israel uile agus Iúdah.
Agus ṫug sé mac an ríġ amaċ, agus do ċuir coróin air, agus ṫug an nfíaḋnuise ḋó; agus do rinneadar ríġ ḋe, agus do ungadar é; agus do ḃuáileadar a mbasa air a ċéile, agus a duḃradar, Go mairiġ an ríġ.
Ar a naḋḃarsin ṫangadar sinnsir Israel uile ċum an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi cunnraḋ ríu ann Hébron a laṫair an TIĠEARNA; agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel, do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA re Samuel.
¶ Agus Is íad so uiḃir na mbannaḋa noċ do ḃí réiḋ armṫa ċum coguiḋ, agus ṫáinic go Dáiḃi go Hebron, dfilleaḋ rioġaċda Ṡauil ċuige, do reir ḃréiṫre an TIĠEARNA.
Ann sin do ġlac Samuel a naḋarc ola, agus do ungaiḋ eision a lár a ḋearḃráiṫreaċ: agus ṫainic spiorad an TIĠEARNA ar Ḋáiḃi ón lósin amaċ. Ann sin déiriġ Samuel súas, agus do ċúaiḋ go ramah.