25 ¶ Agus do ċruinniġeadar clann Ḃeniamin íad féin a gcionn a ċéile a ndiáiġ Abner, agus tangadar a néanċuideaċda aṁáin, agus do ṡéasadar ar ṁullaċ cnoic.
Do lean Ióab mar an gcéadna agus Abisai a ndiáiġ Abner: agus do ċuáiḋ an ġrían faói a nuáir ṫangadar go cnoc Ammah, noċ atá a raḋarc Ġía ar sliġe ḟásaiġ Ġibeon.
Annsin do ġoir Abner ar Ióab, agus a duḃairt, An mbía an cloiḋeaṁ ag marḃaḋ ċoiḋċe? naċ ḃfuil a ḟios agad go mbiáiḋ sin na ṡearḃas fá ḋeireaḋ? uime sin ga fad a ḃías, suil déaras tú ris na dáoiniḃ filleaḋ ó leanṁuin a ndearḃráiṫreaċ?