Agus a duḃairt Abner ris, Fill do leaṫ taóiḃ ar do láiṁ ḋeis no ċlé, agus glac duine do na hóganaċaiḃ, agus glac a éadail ċugad. Aċt níor ḃáill le Asahel fillioḋ ó na leanṁuin sion.
Agus a núair dfill Abner go Hébron, rug Ióab leis do leaṫtaoiḃ é annsa ġeata do laḃairt go síoṫċánta ris, agus do ḃuáil sé ann sin é fáoi an gcúigeaḋ easna, go ḃfúair sé bás, ar son fola a ḋearḃráṫar Asahel.
Agus do rinne sé an ní fa ṁaiṫ a raḋarc an TIĠEARNA, agus do ṡiuḃail sé a nuile ṡliġṫiḃ a aṫar Dáiḃi, agus níor ḟill sé do leaṫtaoiḃ ar a láiṁ ḋeis nó ar a láiṁ ċlé.
Aṁain bísi láidir agus roċurata, ċor go gcoiṁéadfa tú do ḋéanaṁ do réir an dliġe uile, noċ do aiṫin mo ṡerḃíseaċ Maóise ḋiot: na hiompóiġ uaḋ ar an láiṁ ḋeis nó ċlé, ċor go mbía tú sona giḋ bé ar biṫ áit a raċa tú.
Bíṫise ar a naḋḃarsin ro ċúrata do ċoiṁéad agus do ḋéanaṁ a nuile ní atá scríoḃṫa a leaḃar ḋliġe Ṁaoise, go naċ ḃfillfiḋe a leaṫṫaoiḃ uaḋ sin don láiṁ ḋeis no don láiṁ ċlé.