17 Agus do ḃí caṫ ro ḋoilġe an lá sin ann; agus do buáileaḋ Abner, agus muinntir Israel, as coinne ṡerḃiseaċ Ḋáiḃi.
Agus a duḃairt Abner re Ióab, Eirġidís na hógánuiġ anois, agus déindís súgraḋ as ar ccoine. Agus a duḃairt Ióab, Eirġidís.
Agus do ġlac gaċ áon díoḃ a ċompanáċ ar ċeann, agus do ṡaiṫ a ċloiḋeaṁ a ttáoḃ a ċompánuiġ; ionnus gur ċoṁṫuitim dóiḃ: uimesin do goireaḋ don náitsin Helcat‐hassurim, noċ atá a Ngibeon.
Anois do ḃí cogaḋ fada eidir ṫiġ Ṡauil agus tiġ Ḋáiḃi: aċd do ḃí Dáiḃi ag dul air a aġaiḋ a neart, agus tiġ Ṡauil ag dul a laige agus nios laíge.
Bí tosaċ na ceannairge aṁail do léigfeaḋ duine uisge amaċ: uime sin léig ḋíot ceannairge, suil beansuiġṫear innte.