Agus a duḃairt Absolon agus fir Israel uile, As feárr coṁairle Ċusai an Tarċíteaċ ná coṁairle Aċitoṗel. (Oir do órduiġ an TIĠEARNA coṁairle ṁaiṫ Aċitoṗel do ċur air ccúl, ċor go ttiuḃraḋ an TIĠEARNA olc air Absolon.)
¶ Ann sin do laḃair Iosua ris an TTIĠEARNA an sa lá ṫoirḃir an TIĠEARNA na Hámorítiġ súas roiṁe ċloinn Israel, agus a duḃairt sé a raḋarc Israel, A ġrían, fan ad ċoṁnuiġe ar Ġibeon; agus a ġealaiḋ, a ngleann Aialon.
Gur eagluiġeadar go mór, do ḃríġ go raiḃ Gíbeon na caṫruiġ ṁóir, mar aon do na caiṫreaċaiḃ ríoġaṁla, agus do ċionn gur ṁó í ná Ai, agus go raḃadar a daoine uile láidir.
Má ḃíonn do neart ann troid riomsa, agus go muirfiḋ sé mé, ann sin béimne ar searḃḟeġantuiḃ aguiḃsi: aċ má ḃuáiḋimsi na aġaiḋsion, agus go muirfe mé é, ann sin béiṫíse ḃur searḃḟoġantaiḃ aguinne, agus do ḋéantaoi serḃís dúinn.