Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 19:40 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

40 Ann sin do ċuáiḋ an ríġ roiṁe go Gilgal, agus do ċuáiḋ Ċimam leis: agus do ṡéoladar muinntir Iudah uile an ríġ, agus fós leaṫ ṗobail Israel.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 19:40
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ṫógaiḃ an slúaġ do ḃí roiṁe, agus na ḋiáiġ, gáir, ag ráḋ, Hósanna do ṁac Ḋáiḃí: Is beannuiġṫe an té ṫig a nainm an Tiġearna; Hósanna annsna hárdaiḃ.


Ní ḋeileoċuiḋ an tslat roġa ré Iudah, nó dliġṫaḃairṫoir ó ḃeiṫ eidir a ċosuiḃ, nó go ttiucfa Síloh; agus is ċuigesion ḃías cruinniuġaḋ na ndaóine.


¶ Agus do ḃí an pobal uile a nimreasain ar feaḋ ṫreaḃ Israel uile, ḋá ráḋ, Do ċuṁduiġ an ríġ sinn ó láṁuiḃ ar náṁad, agus do ṡáor sinn ó láṁuiḃ na Ḃṗilístineaċ; agus a nois do ṫeiṫ sé as a ttír roiṁe Absolon.


Agus Absolon, noċ dungamar ós ar ccionn, do marḃaḋ a ccaṫ é. Anois uime sin cred fa naċ laḃarṫaoi focal do ṫaḃairt an ríġ ar ais?


Fílleaḋ do ṡerḃíseaċ, guíḋim ṫú, go ḃtuiġe mé bás am ċaṫair féin, agus go naḋlaicṫear mé a nuaiḋ maṫar agus mo ṁaṫar. Aċd féuċ do ṡerḃíseaċ Ċimam; eirġeaḋ sé anonn lé mo ṫiġearna an ríġ; agus déana ris mar do ċiṫear ḋuit féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ