Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




II Samuel 19:32 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

32 Anois do ḃí Barsillai ná ḋuine ro áosta, ceiṫre fiṫċid blíaḋan daóis: agus a sé do ġléus lónn don ríġ an fad do ḃí a Mahanaim; óir ba ro ṁór an duine é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




II Samuel 19:32
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a síadso láeṫe ḃliaḋna Abraham, noċ do ṁair, céud, trí fiċid, agus a cúig déug do ḃliaḋnuiḃ.


Agus do ṁair Iácob a gcríċ na Hégipte seaċd mbliaḋna déug: mar sin gur ḃí áois iomlán Iácob, céad agus dá ḟiċead agus seaċd mbliaḋna.


Agus dob íad láeṫe Ṁatuselah uile náoi ccéud seasgad agus náoi blíaġna: agus fuáir sé bás.


¶ Mar sin do éug Ióseṗ, ar mbeiṫ ḋó céad agus deiċ mbliaḋna daóis: agus do ḃalmuiġeadúr é, agus do cuireaḋ a ccoṁra sa Négipt é.


Agús dob íad laéṫe Naói uile, náoi ccéud agus cáogad blíaġan: agus fuair sé bás.


Agus a duḃáirt an ríġ ré Barsillai, Tárr sa liomsa a nonn, agus beaṫoċuiḋ misi ṫú am ḟoċair féin ann Iérusalem.


Agus do ṫaḃuiḋ Menahem an tairgiod ar Israel, eaḋon air gaċ uile ḋume ċumasaċ a saíḋḃrios, ar gaċ éanduine cáogad secel airgid, ré ṫaḃairt do ríġ na Hassíria. Marsin do ḟill ríġ na Hassíria ar ais, agus níor ḟan annsin ansa dúiṫċe.


Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.


Is coróin ġlóire an ceann líaṫ, ar na ḟáġail a sliġe a nionracuis.


Agus ar an nós céadna an té fúair an dá ṫallainn, do ġnoḋuiġ séisean da ṫalluinn eile.


¶ Agus do ḃí Maóise céad agus fiṫċe blíaġan daóis an tan fuáir sé bás: ní raiḃ a ṡúil dall, nó a neart nadúrṫa laġduiġṫe.


¶ Agus do ḃí duine a Maon, ga raiḃ a ṁáoin a Gcarmel; agus do ḃí an duine ro ṁór, agus do ḃádar trí ṁíle cáora aige, agus míle gaḃar: agus do ḃí ag bearraḋ a ċáoraċ a Gcarmel.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ